Seirbhísí bialainne, lónadóireachta agus ceaintín

Seirbhísí bialainne, lónadóireachta agus ceaintín

Seirbhísí bialainne agus lónadóireachta

Go ginearálta, tá seirbhísí bialainne agus lónadóireachta faoi dhliteanas Cánach Breisluacha (CBL) ag an ráta laghdaithe.

Meastar gur soláthar earraí seachas soláthar sheirbhísí bialainne é bia a bheirtear leat, agus feidhmítear rátaí difriúla ag brath ar na hearraí a sholáthraítear.

Tá tuilleadh eolais ar fáil sa rannán Treoir bhreise ar

  • an gcánachas CBL maidir le seirbhísí bialainne agus lónadóireachta
  • agus
  • an cánachas CBL maidir le bia agus deoch.

Seirbhísí ceaintín

Tá go leor socruithe éagsúla i bhfeidhm maidir le ceaintíní do bhaill foirne. Féadfaidh sé go bhfuil ceaintíní

  • ag feidhmiú ar bhonn brabús a dhéanamh
  • seachfhoinsithe
  • ag feidhmiú gan aon chostas don fhoireann.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL ar sheirbhísí ceaintín le fáil sa rannán Treoir bhreise.