Clubanna gailf faoi úinéireacht ballraíochta

Tá díolúine ó Cháin Bhreisluacha (CBL) ag aon ioncam a bhaineann le galf arna fháil ag clubanna faoi úinéireacht ballraíochta i dtaca le háiseanna gailf. Baineann an díolúine seo le:

  • táillí imeartha
  • táillí comórtais
  • agus
  • táillí ballraíochta (lena n-áirítear ballraíocht ghearrthréimhseach agus ballraíocht chorparáideach).

Clubanna atá faoi úinéireacht ballraíochta, agus a bhfuil díolúine ag a n-ioncam gailf agus ag a n-ioncam ó tháillí ballraíochta, ní fhéadfaidh siad CBL a éileamh ar ais i dtaca leis an ioncam seo.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL maidir le clubanna gailf faoi úinéireacht ballraíochta le fáil sa rannán Tuilleadh Treoracha.

Éilimh aisíocaíochta

Tá nósanna imeachta mionsonraithe le leanúint agus éilimh aisíocaíochta CBL a fhaightear ó chlubanna faoi úinéireacht ball á bpróiseáil maidir le ró-íocaíocht CBL ar ioncam ó tháillí cuairteora.

Tá tuilleadh eolais ar na treoirlínte chun déileáil le héilimh aisíocaíochta a fhaightear ó chlubanna faoi úinéireacht na mball le fáil sa rannán Treoir breise.