Nótaí creidmheasa
Cén eolas atá riachtanach ar nóta creidmheasa CBL?
Ní mór go dtaispeánfaidh an nóta creidmheasa maidir le Cáin Bhreisluacha (CBL):
- an dáta eisiúna
- uimhir uathúil
- ainm iomlán, seoladh agus cláruimhir CBL an tsoláthraí
- ainm iomlán, seoladh agus cláruimhir CBL an chustaiméara
- i gcás soláthair laistigh den chomhphobal, uimhir aitheantais CBL an chustaiméra sa Bhallstát eile
- an fáth go bhfuil an nóta á eisiúint
- crostagairt don sonraisc bunaidh
- an comaoin leasaithe
- an ráta nó na rátaí cánach a bhí i bhfeidhm nuair a eisíodh an sonrasc ábhartha
- agus
- an méid cánach ag gach ráta.
Airgeadra eachtrach ar shonrasc CBL
Má tá airgeadra eachtrach san áireamh i do chreidmheas, ní mór go dtaispeánfadh sé na figiúirí comhfhreagracha i Euro.
Ba chóir duit an ráta díola taifeadta ag an mBanc Ceannais ag an am go bhfuil an sonrasc eisithe a úsáid.
Féadfar, trí chomhaontú leis na Coimisinéirí Ioncaim, modh eile a úsáid chun an ráta comhshó a chinneadh. Tá sé seo ar choinníoll go mbeidh an modh comhaontaithe úsáidte i leith idirbhearta uile an duine sin in airgeadra eachtrach.
Ba chóir duit iarratas a chur isteach chuig Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim ag cur an modh maidir leis an ráta malairte a theastaíonn uait a úsáid in iúl.
Ar aghaidh: Céard is nóta dochair ann?