Taifid CBL a choinneáil

Cé chomh fada is a choinníonn tú taifid?

Tá taifid áirithe le coinneáil faoi réir teorainneacha ama sonracha. Tá teorainneacha ama seo leagtha amach sna cásanna a liostaítear thíos:

Duine ag a bhfuil tarscaoileadh díolúine ó Cháin Bhreisluacha (CBL) i leith na maoine a ligean ar cíos

Ba chóir taifid a bhaineann leis na ligean sin a stóráil ar feadh sé bliana tar éis an tarscaoileadh sin a chealú.

1. Déanann duine éileamh faoi reachtaíocht CBL.

Ba chóir na taifid ábhartha a stórail ar feadh sé bliana nó go dtí go dtugtar an t-ábhar cuí chun críche. 

2. Déanann duine achomharc leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.

Ba chóir na taifid ábhartha a stórail ar feadh sé bliana nó go dtí go dtugtar an t-ábhar cuí chun críche. 

3. Tá ábhar faoi​ fhiosrúchán nó faoi imscrúdú ag na Coimisinéirí Ioncaim. 

Ba chóir na taifid ábhartha a stórail ar feadh sé bliana nó go dtí go dtugtar an t-ábhar cuí chun críche. 

4. Sa chás go mbíonn leasanna i maoin a fuarthas nó a forbraíodh roimh 1 Iúil 2008 ar a gearadh CBL.

Ba chóir taifid ábhartha a bhaineann leis an maoin chuí a stóráil ar feadh sé bliana tar éis an leas sin a dhiúscairt.

Is gá cead scríofa a fháil ó na gCoimisinéirí Ioncaim chun doiciméid ábhartha a choinneáil ar feadh tréimhse níos giorra ná mar a liostaítear thuas.

Ba chóir duit taidfid a choinneáil mar seo a leanas:

  • sonraisc a eisíodh i bhfoirm pháipéir le coinneáil i bhfoirm pháipéir
  • taifid pháipéir a choinneáil laistigh den Stát. Beidh gá le comhaontú na gCoimisinéirí Ioncaim d’eisceachtaí ar seo agus beidh siad faoi réir choinníollacha
  • taifid leictreonacha a choinneáil de réir na rialacha sonrascú leictreonacha.

Taifid á iniúchadh

Tá cumhachtaí forleathan ag na Coimisinéirí Ioncaim chun iniúchadh a dhéanamh ar do thaifid. Is cion é mura gcomhoibríonn tú nó d’fhostaithe leis na Coimisinéirí Ioncaim. Baineann sé seo freisin le hiniúchadh a dhéanamh ar do thaifid. Beidh cruthúnas aitheantais ag oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim agus cuairt á dtabhairt acu ar do ghnó chun iniúchadh a dhéanamh ar do thaifid.