Clárúchán d'fheirmeoirí agus seirbhísí talmhaíochta

An bhfuil dualgas ar fheirmeoirí clárú le haghaidh CBL?

Má tá tú i mbun gníomhaíochtaí táirgeachta talmhaíochta amháin, níl dualgas ort clárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL).

Ach, tá dualgas ort clárú sna cásanna seo:

  • Más mó, nó más dócha gur mó ná €40,000 do láimhdeachas bliantúil ó ghníomhaíochtaí conraitheoireachta talmhaíochta seachas seirbhísí inseamhnaithe, seirbhísí fostaíochta stoic nó tógála stoic.
  • Más mó, nó más dócha gur mó ná €80,000 do láimhdeachas bliantúil ó dhíolacháin seamhain bó. Tabhair do d’aire: níl díolacháin le feirmeoirí eile ceadúnaithe mar ionad Inseamhnaithe Saorga nó soláthairtí do dhuine ar a bhfuil rialú á fheidhmiú agat san áireamh san fhigiúr láimhdeachas seo.
  • Más mó, nó más dócha gur mó ná €80,000 do láimhdeachas bliantúil ó dhíolacháin miondíola táirgí gortóireachta.
  • Má tá tú ag fáil seirbhísí atá incháinithe san áit a bhfuarthas iad.
  • Más mó, nó más dócha gur mó ná €80,000 do láimhdeachas bliantúil ó dhíolacháin seamhain bó agus miondíolachán táirgí gortóireachta.
  • Más mó, nó más dócha gur mó ná €41,000 do láimhdeachas bliantúil ó fháltais laistigh den Chomhphobal.
  • Más mó, nó más dócha gur mó ná na tairseacha cuí do láimhdeachas bliantúil ó earraí nó seirbhísí incháinithe, seachas aon eisiamh thuasluaite.

Féadtar chomh maith roghnú clárú le haghaidh CBL.

Tá tuilleadh eolais ar chánachas CBL feirmeoirí ar fáil sa rannán Treoir bhreise.