Trádálaithe agus próisis údaraithe
Ainm agus seoladh an úinéara
Réamhrá
Ní mór an t-eolas ceart i dtaca le hainm agus seoladh úinéara a dhearbhú leis na Coimisinéirí Ioncaim ag an tráth atá mótarfheithiclí á gclárú.
Is é an t-ainm dearbhaithe an t-ainm a bheidh le feiceáil ar an Deimhniú Cláraithe Feithicle (DCF). Is é seo an duine a bhfuil cúram na feithicle sin air nó uirthi de réir dlí.
Tá freagracht dhlíthiúil ar dhéileálaithe gan sonraí úinéara a chur isteach a bhfuil a fhios acu a bheith mícheart nó míthreorach.
Sonraí úinéireachta
Is é an t-úinéir atá le hainmniú ag tráth an chlárúcháin ná:
- an duine, nó an t-eintiteas dlíthiúil a bhfuil sé de chúram air nó uirthi an fheithicil a choinneáil
- nó
- má tá feithicil faoi réir comhaontú fruilcheannaigh nó léas, an duine nó an t-eintiteas dlíthiúil atá ainmnithe ar an gcomhaontú nó léas.
Eintiteas cuntasach go dlíthiúil
Áirítear leis an nath seo:
- gach gnó corpraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí
- agus
- eintitis eile, mar shampla, Údaráis Áitiúla, iontaobhais agus a leithéid.
Ní fhéadtar liosta uileghabhálach d’eintitis dhlíthiúla inghlactha a thabhairt. Ba chóir go mbeadh an t-ainm faoina gcláraítear an t-úinéir dearbhaithe chun críocha cánach inghlactha.
Ainmneacha ‘ag trádáil mar’ nó ‘t/m’
Níl ainm ‘ag trádáil mar’ nó ‘t/m’ inghlactha mar úinéir ós rud é nach eintiteas dlíthiúil é.
Féadtar an t-ainm trádála le ‘t/m’ a chur isteach ar na dearbhuithe chomh maith le hainm na n-eintiteas dlíthiúil.
Ainmneacha comhpháirteacha
Ní féidir ach duine amháin a dhearbhú mar úinéir feithicle. Ní ghlactar le dearbhú úinéireachta feithicle in ainmneacha comhpháirteacha.
Seoladh
An seoladh atá ag teastáil ná an seoladh sa Stát ina bhfuil an t-úinéir gnáthchónaitheach ag tráth an chlárúcháin.
Maidir leis an seoladh seo:
- is air a bhraitheann an t-aitheantóir contae ar an bpláta cláraithe
- is air a bhraitheann an seoladh a seolfar an deimhniú cláraithe feithicle chuige
- agus
- féadtar é a úsáid freisin chun críocha dlíthiúla.
Ní cheadaítear dearbhú i leith seoladh eile, mar shampla, duine gaolmhar leis an úinéir. Go háirithe, níor cheart seoltaí ‘faoi chúram’ a úsáid.