Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF) a ríomh
An cháin a ghearradh
An fheithicil a cheangal le catagóir Cánach Cláraithe Feithiclí (CCF)
Ní mór an fheithicil a chur i gcatagóir CCF sula bhféadann na Coimisinéirí Ioncaim an tsuim iníoctha cánach a dheimhniú.
Tá cúig chatagóir CCF ann - is iad sin catagóirí A, B, C, D agus M.
Tá na catagóirí CCF seo ceangailte le catagóirí cineál-cheadaithe Eorpacha.
Catagóir CCF A
Is le haghaidh feithiclí do phaisinéirí, lena n-áirítear carranna agus mionbhusanna, í an Chatagóir CCF A. Ní fhéadann na mionbhusanna seo níos mó ná ochtar móide tiománaí a iompar. Go ginearálta, baineann na feithiclí seo leis an gcatagóir Eorpach M1. Áirítear sa chatagóir seo feithiclí áirithe de chuid chatagóir N1 a bhfuil ceithre shuíocháin nó níos mó iontu.
Ríomhtar an ráta CCF ar na hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin móide na hastaíochtaí ocsaíde nítrigine. Ríomhtar an chomhchuid CO2 tríd an ráta infheidhme a mhéadú faoin bPraghas Díola ar an Margadh Oscailte (PDMO). Ríomhtar an tobhach Nox ar leithligh agus ansin cuirtear leis an luach CO2 é chun an CCF dlite a fháil.
Ríomhfar an ghné CO2 den cháin bunaithe ar shonraí WLTP CO2 le haghaidh:
- Feithiclí nua Chatagóir A (Carranna paisinéirí agus carranna SUV)
agus
- Feithiclí a cláraíodh roimhe seo ag úsáid sonraí WLTP CO2.
Maidir le feithiclí athláimhe a úsáideann an figiúr NEDC chun clárú, úsáidfear na foirmlí seo thíos chun figiúr CO2 a ríomh agus chun banda cánach CO2 a shannadh.
- Maidir le feithiclí díosail = (figiúr CO2 NEDC x 1.1405) + 12.858.
- Maidir le feithiclí seachas feithiclí díosail = (figiúr NEDC CO2 x 0.9227) + 34.554.
Taispeánann an tábla thíos na rátaí CCF i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022 maidir le feithiclí atá bunaithe ar an WLTP CO2 nó an CO2 a ríomhtar.
Ríomh an mhuirir CO2
Astaíochtaí CO2 (CO2 g/km) | Céatadán iníoctha de luach na feithicle |
0g/km suas le 50g/km agus an méid sin san áireamh |
7% nó €140, cibé acu is mó |
Os cionn 50g/km agus suas le 80g/km agus an méid sin san áireamh |
9% nó €180, cibé acu is mó |
Os cionn 80g/km agus suas le 85g/km agus an méid sin san áireamh |
9.75% nó €195, cibé acu is mó |
Os cionn 85g/km agus suas le 90g/km agus an méid sin san áireamh |
10.5% nó €210, cibé acu is mó |
Os cionn 90g/km agus suas le 95g/km agus an méid sin san áireamh |
11.25% nó €225, cibé acu is mó |
Os cionn 95g/km agus suas le 100g/km agus an méid sin san áireamh |
12% nó €240, cibé acu is mó |
Os cionn 100g/km agus suas le 105g/km agus an méid sin san áireamh |
12.75% nó €255, cibé acu is mó |
Os cionn 105g/km agus suas le 110g/km agus an méid sin san áireamh |
13.5% nó €270, cibé acu is mó |
Os cionn 110g/km agus suas le 115g/km agus an méid sin san áireamh |
15.25% nó €305, cibé acu is mó |
Os cionn 115g/km agus suas le 120g/km agus an méid sin san áireamh |
16% nó €320, cibé acu is mó |
Os cionn 120g/km agus suas le 125g/km agus an méid sin san áireamh |
16.75% nó €335, cibé acu is mó |
Os cionn 125g/km agus suas le 130g/km agus an méid sin san áireamh |
17.5% nó €350, cibé acu is mó |
Os cionn 130g/km agus suas le 135g/km agus an méid sin san áireamh |
19.25% nó €385, cibé acu is mó |
Os cionn 135g/km agus suas le 140g/km agus an méid sin san áireamh |
20% nó €400, cibé acu is mó |
Os cionn 140g/km agus suas le 145g/km agus an méid sin san áireamh |
21.5% nó €430, cibé acu is mó |
Os cionn 145g/km agus suas le 150g/km agus an méid sin san áireamh |
25% nó €500, cibé acu is mó |
Os cionn 150g/km agus suas le 155g/km agus an méid sin san áireamh |
27.5% nó €550, cibé acu is mó |
Os cionn 155g/km agus suas le 170g/km agus an méid sin san áireamh |
30% nó €600, cibé acu is mó |
Os cionn 170g/km agus suas le 190g/km agus an méid sin san áireamh |
35% nó €700, cibé acu is mó |
Suas le 190g/km |
41% nó €820, cibé acu is mó |
Catagóir CCF B
Folaíonn Catagóir CCF B feithiclí tráchtála a dearadh agus a tógadh chun earraí a iompar agus nach bhfuil níos mó ná 3.5 tona. Baineann na feithiclí seo leis an gcatagóir Eorpach N1 agus go ginearálta bíonn trí shuíocháin nó níos lú iontu. Tá mótarcharbháin san áireamh i gCatagóir B den CCF chomh maith. Féadtar tuilleadh eolais ar fheithiclí incháilithe de chuid Chatagóir B a fháil in VRT Manual 1A.
Go ginearálta is ionann an CCF agus 13.3% den PDMO go ginearálta agus is é €125 an tsuim íosta atá dlite.
Gearrtar €200 ar roinnt veaineanna N1, áfach:
- bhí níos lú ná ceithre shuíochán iontu i gcónaí
- agus
- ag am ar bith, mais ualaithe níos mó ná 130% den mhais i seirbhís.
Ón 1 Eanáir 2025, gearrfar €200 ar roinnt veaineanna leictreacha N1 más rud é:
- go raibh níos lú ná ceithre shuíochán iontu i gcónaí
- agus
- a mais ualaithe níos mó ná 130% den mhais i seirbhís acu ag aon am.
Catagóir CCF C
Gearrtar muirear €200 ar fheithiclí Chatagóir C den CCF, agus folaíonn siad seo:
- mórfheithiclí tráchtála (catagóir Eorpach N2 agus N3)
- tarracóirí talmhaíochta
- busanna (catagóir Eorpach M2 agus M3)
- agus
- feithiclí níos mó ná 30 bliain d’aois ag tráth an chlárúcháin
Catagóir CCF D
Níl ar fheithiclí Chatagóir CCF D aon CCF a íoc, agus folaíonn siad an méid seo:
- otharchairr
- cairteacha dramhaíle
- innill scuabtha
- innill dóiteáin
- rollóirí bóthair
- agus
- feithiclí a úsáidtear go heisiach chun innealra tógála bóthair a iompar.
Catagóir CCF M
Folaíonn Catagóir M den CCF gluaisrothair agus móipéidí leictreacha (catagóir Eorpach L1 go L7). Tá an muirear CCF bunaithe ar mhéid ciúbach (cc) an innill.
Is iad seo na rátaí:
- €2 ar gach cc suas le 350
- agus
- €1 ar gach cc ina dhiaidh sin.
Féadtar an tsuim chánach a laghdú ansin le go gcuirfí san áireamh aois an ghluaisrothair mar seo a leanas:
Laghdú CCF ar ghluaisrothar chun aois a chur san áireamh
Aois | Laghdú CCF |
> 3 mhí agus < nó cothrom le 1 bhliain |
10% |
> 1 bhliain agus < nó cothrom le 2 bhliain |
20% |
> 2 bhliain agus < nó cothrom le 3 bliana |
40% |
> 3 bliana agus < nó cothrom le 4 bliana |
50% |
> 4 bliana agus < nó cothrom le 5 bliana |
60% |
> 5 bliana agus < nó cothrom le 7 mbliana |
70% |
> 7 mbliana agus < nó cothrom le 10 mbliana |
80% |
> 10 mbliana agus < nó cothrom le 30 bliain |
90% |
> 30 bliain |
100% |
Is fochatagóirí de chatagóir L1 iad móipéidí leictreacha. Tá gluaisrothair leictreacha olltáirgthe, lena n-áirítear móipéidí leictreacha, díolmhaithe ó CCF go dtí an 31 Nollaig 2025.
Ar aghaidh: An luach a mheasúnú
Foilsithe: 31 Nollaig 2024