Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF)

Léargas ginearálta

I bhformhór na gcásanna, ní mór Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF) a íoc ag an am a chláraítear feithicil sa Stát.

Nuair a chláraítear feithicil, eisítear cláruimhir ag an am céanna.

Déanann na leathanaigh seo a leanas cur síos ar an gcaoi le feithicil a chlárú agus CCF a íoc.

Tabhair do d’aire

Ón 20 Bealtaine 2024, beidh rothair leictreacha atá in ann dul níos tapúla ná 25km/u nó a bhfuil aschur cumhachta níos mó ná 250W acu, agus ar féidir iad a oibriú gan troitheánú, rangaithe mar mhóipéidí leictreacha. Rangófar móipéidí leictreacha mar fheithiclí inneallghluaiste agus beidh siad le clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Beidh na riachtanais chlárúcháin chéanna atá ann faoi láthair d'fheithiclí eile bainteach le móipéidí leictreacha freisin. Ní mór mótarfheithiclí a chlárú laistigh de 30 lá ón dáta a dtagann siad isteach sa Stát, ach amháin nuair atá siad i seilbh trádálaí údaraithe.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar mhóipéidí leictreacha, féach gov.ie agus rsa.ie.

Ar aghaidh: CCF agus clárúchán