Scéimeanna scair-rogha neamhcheadaithe
Scair-roghanna a dhiúscairt
Má roghnaíonn tú do scair-rogha a fheidhmiú, agus má dhéantar an rogha a fuair tú a dhiúscairt ina dhiaidh sin, féadfaidh sé go mbeidh tú faoi dhliteanas Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC). Ní mór duit an diúscairt seo a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim, fiú mura bhfuil aon cháin dlite. Ní dhéanfaidh d’fhostóir aon cháin a asbhaint nó ní thuairisceodh d’fhostóir an diúscairt ar do shon.
Braitheann an tsuim a úsáideann tú mar phraghas ceannaigh nuair atá do ghnóthachan inmhuirir á ríomh agat ar an méid seo a leanas a bheith i gceist leis na scaireanna a eisíodh ag tráth an fheidhmithe:
- más scaireanna nua-eisithe atá iontu
- nó
- más scaireanna iad atá ann cheana.
Scaireanna nua-eisithe
I gcás scaireanna nua-eisithe, is é do chostas fála suim:
- costas na scair-rogha (más ann dó)
- an praghas a íocadh ar na scaireanna ar fheidhmiú na scair-rogha
- agus
- an tsuim a ghearrtar i leith Cánach Ioncaim ar fheidhmiú na scair-rogha.
Scaireanna atá ann cheana
D’fhéadfadh roinnt scaireanna a bheith ann cheana tráth scair-rogha a fheidhmiú. I gcás go raibh siad ann cheana, is é an costas fála atá agat ná luach margaidh na scaireanna ar dháta feidhmithe.