Scéim Tabhartas Carthanúil

Faoiseamh cánach a éileamh ar thabhartais

Tabhartais ó dhaoine aonair

Nuair a thugann duine aonair tabhartas, féadfaidh an comhlacht ceadaithe an faoiseamh cánach a éileamh má cheadaíonn an deontóir é.

Mar dheontóir, níl aon oibleagáid cead a thabhairt do chomhlacht ceadaithe faoiseamh cánach a éileamh i leith do thabhartais.

Sa chás go gceadaíonn tú don charthanas an faoiseamh a éileamh, ní bheidh tú in ann aisíocaíocht na cánach céanna a éileamh.

Is féidir leat cabhrú le comhlacht ceadaithe faoiseamh cánach a éileamh ar do dheontas trí ceann de na foirmeacha seo a leanas a chomhlánú:

Má ligeann tú don charthanas an faoiseamh a éileamh, ní bheidh tú féin in ann aisíocaíocht a éileamh i leith na cánach céanna.

An faoiseamh ar thabhartais ó dhaoine aonair a ríomh

Ríomhtar an faoiseamh tríd an tabhartas a ollardú ag an ráta sonraithe. An ráta sonraithe reatha ná 31%. Tá míniú tugtha air seo sa sampla seo a leanas.

Ní fhéadann suim na haisíocaíochta a bheith níos mó ná an tsuim chánach a d’íoc an deontóir don bhliain chéanna. Mar sin, i sampla 1, murar íoc Siubhán ach €350 de cháin in 2020, is é uasmhéid na haisíocaíochta a fhéadann an comhlacht ceadaithe a éileamh ná €350.

Tabhartais ó chuideachtaí

Nuair a thugann cuideachta tabhartas do chomhlacht ceadaithe, is é an chuideachta a éilíonn an faoiseamh. Níl aon socrú i leith ollardú i gceist sa chás seo.

An faoiseamh ar thabhartais ó chuideachtaí a ríomh

Baineann an comhlacht ceadaithe leas as €1,000 a fháil, ach is é an costas don chuideachta as an tabhartas a thabhairt ná €875 (€1,000 – €125). Ní gá don chuideachta ach an asbhaint chánach a éileamh i leith an tabhartais amhail gur costas trádála a bhí ann. 

Foilsíonn na Coimisinéirí Ioncaim sonraí na gcomhlachtaí go léir atá ceadaithe chun an Scéim Tabhartas Carthanúil a fheidhmiú.

Ar aghaidh: Cén chaoi a n-éilíonn comhlacht ceadaithe an faoiseamh?