Cáin Leictreachais
Clárúchán agus taifid
Ní mór do gach soláthraí leictreachais clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim tríd an Iarratas ar Chlárú le haghaidh Leictreachais a chomhlánú. Ba chóir do sholáthraithe é seo a chomhlánú roimh an soláthar leictreachais a thosú.
Féadann soláthraithe an fhoirm seo a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe atá ar fáil in moChúrsaí.
Féadfaidh soláthraithe chomh maith an fhoirm a sheoladh sa phost chuig an Rannóg Corparáidí Móra.
Ní mór do sholáthraí nach bhfuil bunaithe in Éirinn duine inniúil sa Stát a cheapadh le cinntiú go dtugtar cuntas i leith na cánach agus go n-íoctar é.
Féadann soláthraithe díchlárú trí M’Fhiosruithe atá ar fáil in moChúrsaí nó trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Rannóg Corparáidí Móra.
Ní mór gach taifead a bhaineann leis an gcáin a choinneáil ar feadh íostréimhse sé bliana. Féadtar iad a choinneáil go leictreonach, ar an gcoinníoll go bhféadtar iad a chur ar fáil i bhfoirm phriontáilte nuair a iarrtar iad.
Leagtar amach sna Rialacháin Cánach Leictreachais, 2008 (I.R. Uimhir 385 de 2008) tuilleadh riachtanas de chuid na gCoimisineirí Ioncaim maidir le taifid a choinneáil.
Ar aghaidh: Tuairisceáin agus íocaíochtaí