Ceadúnas Cearrbhachais

Deimhniú Cúirte

Ní mór duit deimhniú ón gCúirt Dúiche a chur isteach le d’iarratas ar cheadúnas chun meaisíní cearrbhachais a oibriú. Sonróidh an deimhniú an tréimhse a fhéadtar a cheadúnú.

Féadfaidh an Chúirt coinníollacha a cheangal leis an deimhniú, amhail:

  • srian a chur ar na huaireanta a fhéadtar cearrbhachas a dhéanamh lena linn
  • srian a chur ar líon na meaisíní
  • srian a chur ar na cineálacha cearrbhachais
  • srian a chur ar mhéid na ngeallta agus na nduaiseanna
  • dianchosc nó srian a chur ar cearrbhachas ag daoine faoi aoiseanna sonraithe.