Ceadúnas Cearrbhachais

Léargas ginearálta

Tabhair do d'aire

Forálann an tAcht um Rialáil Cearrbhachais 2024 do bhunú Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann (GRAI). Nuair a bheidh sé bunaithe go hiomlán, beidh an GRAI mar an t-aon chomhlacht freagrach as cearrbhachas a rialáil agus a cheadúnú in Éirinn. Idir an dá linn, leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim de cheadúnais a eisiúint faoin Acht um Gheall-Chur 1931 agus faoin Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir 1956.

Laghdaigh an tAcht um Rialáil Cearrbhachais téarma an cheadúnais do gheallghlacadóirí agus d'idirghabhálaithe ó dhá bhliain go bliain amháin. Ba cheart fiosruithe maidir le ról an Rialálaí, nó an creat ceadúnaithe nua, a sheoladh chuig GRAI@justice.ie. Ba chóir fiosruithe faoi cheadúnais reatha a chur ar aghaidh chuig Oifig Náisiúnta na gCeadúnas Máil.

Iarrtar ar oibreoirí meaisíní cearrbhachais:

  • Ceadúnas Cearrbhachais a choinneáil le haghaidh gach áitreabh ina bhfuil meaisíní cearrbhachais ar fáil le himirt
  • ceadúnas a choinneáil le haghaidh gach meaisín cearrbhachais
  • agus
  • gach ceadúnas a bheith ar taispeáint go feiceálach ar an meaisín cearrbhachais.

Is ón 1 Eanáir go 30 Nollaig atá an tréimhse cheadúnúcháin. Féadtar iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Cearrbhachais agus ar Cheadúnais Meaisíní Cearrbhachais chun bliain iomlán a chlúdach, nó ar feadh tréimhse trí mhí.

Rachaidh ceadúnais bhliantúla in éag ar an 31 Nollaig gach bliain, is cuma an dáta eisiúna. Rachaidh ceadúnais trí mhí in éag ag deireadh na tréimhse ábhartha trí mhí. I gcás ina n-eiseofar ceadúnas trí mhí i leith na ráithe deiridh féilire, rachaidh an ceadúnas in éag an 31 Nollaig.

Ní fhéadann na Coimisinéirí Ioncaim Ceadúnais Meaisín Cearrbhachais a eisiúint ach amháin le linn tréimhse bhailíochta an Deimhnithe reatha Cúirte.

Coir atá ann meaisín cearrbhachais a oibriú faoi Chead do Mheaisín Siamsa. Tá an meaisín cearrbhachais faoi réir urghabhála agus tá an t-oibreoir faoi réir ionchúisimh.

Má tá meaisín cearrbhachais á oibriú agat, ní mór Ceadúnas Cearrbhachais a bheith agat.

Costas

Cineál an Cheadúnais

Dleacht Mháil

Ceadúnas Cearrbhachais Bliantúil

€630

Ceadúnas Cearrbhachais trí mhí

€175

Ceadúnas Meaisín Cearrbhachais Bhliantúil

€505

Ceadúnas Meaisín Cearrbhachais trí mhí

€145

Ar aghaidh: Sainmhíniú ar mheaisín cearrbhachais