Ceadúnas Aerárthaigh Paisinéirí
An chéad iarratas ar Cheadúnas Aerárthaigh Paisinéirí
Tabhair do d’aire
Ní chuirfear síneadh le hathnuachaintí Dleachta Máil ar ar-cheadúnais deochanna meisciúla a tharscaoileadh in 2022.
Cuir do Fhoirm iarratais chomhlánaithe chuig an Oifig Naisiúnta Ceadúnais Máil. Ní mór duit uimhir chlárúcháin gach aerárthaigh paisinéirí a shonrú ar an iarratas.
Ní mór an t-iarratas a bheith sínithe:
- ag an gceadúnaí, más trádálaí aonair atá ann
- ag duine de na comhpháirtithe, más comhpháirtíocht atá ann
- ag rúnaí na cuideachta nó ag stiúrthóir de chuid na cuideachta, i gcás cuideachta chorpraithe.
Nuair a bheidh d’iarratas próiseáilte ag na Coimisinéirí Ioncaim, eiseoidh muid Fógra um Iarratas Chéad Uaire chugat. Tugann an fógra seo cuireadh duit d’iarratas a chomhlánú agus do cheadúnas a íoc.
Tá sé riachtanach imréiteach cánach a bheith ag gach ceadúnaí, agus i gcásanna áirithe:
Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh do cheadúnas a eisiúint.
Ar aghaidh: Ceadúnas Aerárthaigh Paisinéirí a athnuachan