Ceadúnas Aerárthaigh Paisinéirí
Ceadúnas Aerárthaigh Paisinéirí a athnuachan
Tabhair do d’aire
Ní chuirfear síneadh le hathnuachaintí Dleachta Máil ar ar-cheadúnais deochanna meisciúla a tharscaoileadh in 2022.
Seolfaidh Oifig Náisiúnta na gCeadúnas Máil fógra chugat go luath i mí Mhéan Fómhair gach bliain. Déanfaidh an fógra seo iarracht uimhir chlárúcháin gach aerárthaigh paisinéirí ar do cheadúnas a dheimhniú.
Nuair a bheidh sé próiseáilte, eiseoidh muid Fógra um Athnuachan chugat. Tugann an fógra seo cuireadh duit d’iarratas a chomhlánú agus do cheadúnas a íoc.
Tá sé riachtanach imréiteach cánach a bheith ag gach ceadúnaí agus i gcásanna áirithe:
Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh do cheadúnas a eisiúint.