Ceadúnas Idirghabhálaí Cian-Ghealltóireachta
Léargas ginearálta
Tabhair do d'aire
Forálann an tAcht um Rialáil Cearrbhachais 2024 do bhunú Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann (GRAI). Nuair a bheidh sé bunaithe go hiomlán, beidh an GRAI mar an t-aon chomhlacht freagrach as cearrbhachas a rialáil agus a cheadúnú in Éirinn. Idir an dá linn, leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim de cheadúnais a eisiúint faoin Acht um Gheall-Chur 1931 agus faoin Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir 1956.
Laghdaigh an tAcht um Rialáil Cearrbhachais téarma an cheadúnais do gheallghlacadóirí agus d'idirghabhálaithe ó dhá bhliain go bliain amháin. Ba cheart fiosruithe maidir le ról an Rialálaí, nó an creat ceadúnaithe nua, a sheoladh chuig GRAI@justice.ie. Ba chóir fiosruithe faoi cheadúnais reatha a chur ar aghaidh chuig Oifig Náisiúnta na gCeadúnas Máil.
Más éard atá i gceist le do ghnó ná daoine a cheadú chun geallta a chur le daoine eile trí mheán cianda, ní mór Ceadúnas Idirghabhálaí Cian-Ghealltóireachta a bheith agat. Tá tú faoi dhliteanas i leith na Dleachta Idirghabhálaí Gealltóireachta.
Is éard atá i gceist le ‘meán cianda’ ná cumarsáid ar aon mheán leictreonach, lena n-áirítear an t-idirlíon, an teileafón agus aon chineál teileagrafaíochta.
Is tréimhse sheasta dhá bhliain í an tréimhse cheadúnúcháin. Is ón 1 Iúil 2021 go 30 Meitheamh 2023 atá an tréimhse reatha. Tosaíonn an tréimhse nua ar an 1 Iúil 2023. Rachaidh na ceadúnais in éag ag deireadh na tréimhse ceadúnúcháin, is cuma an dáta eisiúna.
An costas atá ar an gcéad cheadúnas ná €10,000.
Tá costas na hathnuachana bunaithe ar thuilleamh bliantúil coimisiúin.
Féadtar íocaíocht a dhéanamh in aon tráth amháin, nó in dhá thráthchuid chomhionanna. Tá an chéad íocaíocht dlite ag an tráth a eisítear an ceadúnas. Beidh an dara híocaíocht dlite ar an 1 Nollaig nó roimhe atá leathshlí tríd an tréimhse sheasta cheadúnúcháin.
Seolfaidh an Oifig Náisiúnta Ceadúnais Máil fógra chugat sula n-éiríonn an dara híocaíocht de bheith dlite.
Ar aghaidh: An chéad iarratas ar Cheadúnas Idirghabhálaí Cian-Ghealltóireachta