Ceadúnas Cian-Gheallghlacadóra
Léargas ginearálta
Tabhair do d'aire
Forálann an tAcht um Rialáil Cearrbhachais 2024 do bhunú Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann (GRAI). Nuair a bheidh sé bunaithe go hiomlán, beidh an GRAI mar an t-aon chomhlacht freagrach as cearrbhachas a rialáil agus a cheadúnú in Éirinn. Idir an dá linn, leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim de cheadúnais a eisiúint faoin Acht um Gheall-Chur 1931 agus faoin Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir 1956.
Laghdaigh an tAcht um Rialáil Cearrbhachais téarma an cheadúnais do gheallghlacadóirí agus d'idirghabhálaithe ó dhá bhliain go bliain amháin. Ba cheart fiosruithe maidir le ról an Rialálaí, nó an creat ceadúnaithe nua, a sheoladh chuig GRAI@justice.ie. Ba chóir fiosruithe faoi cheadúnais reatha a chur ar aghaidh chuig Oifig Náisiúnta na gCeadúnas Máil.
Má tá do ghnó páirteach i ngeallta a dhéanamh le daoine in Éirinn trí mheán cianda, ní mór Ceadúnas Cian-Gheallghlacadóra a bheith agat. Tá tú faoi dhliteanas an Dleacht Ghealltóireachta a íoc.
Is éard atá i gceist le ‘meán cianda’ ná cumarsáid ar aon mheán leictreonach, lena n-áirítear an t-idirlíon, an fón agus aon chineál teileagrafaíochta, bíodh sé nó ná bíodh sé gan sreang.
Féadfaidh geallghlacadóirí ceadúnaithe glacadh le geallta trí mheán cianda gan Ceadúnas Cian-Gheallghlacadóra i gcúinsí áirithe. Is iad sin sa chás gur lú luach iomlán na ngeallta cianda ná:
- €250,000
- nó
- 10% dá láimhdeachas bliantúil clúdaithe ag Ceadúnas Geallghlacadóra.
Is tréimhse sheasta dhá bhliain í an tréimhse cheadúnúcháin. Is ón 1 Iúil 2023 go 30 Meitheamh 2025 atá an tréimhse reatha. Rachaidh na ceadúnais in éag ag deireadh na tréimhse ceadúnúcháin, is cuma an dáta eisiúna.
An costas atá ar an gcéad Cheadúnas Cian-Gheallghlacadóra ná €10,000. Tá costas na hathnuachana bunaithe ar láimhdeachas.
Féadtar íocaíocht a dhéanamh in aon tráth amháin, nó in dhá thráthíocaíocht chomhionanna. Tá an chéad íocaíocht dlite ag an tráth a eisítear an ceadúnas. Beidh an dara híocaíocht dlite ar nó roimh an 1 Iúil atá leathshlí tríd an tréimhse sheasta cheadúnúcháin.
Seolfaidh an Oifig Náisiúnta Ceadúnais Máil fógra chugat sula n-éiríonn an dara híocaíocht de bheith dlite.
Ar aghaidh: An chéad iarratas ar Cheadúnas Cian-Gheallghlacadóra