Dleacht Gealltóireachta Cianda
Cén uair a íocaim an Dleacht Gealltóireachta Cianda?
Ní mór do gheallghlacadóirí atá faoi dhliteanas Dleacht Gealltóireachta Cianda a íoc tuairisceáin agus íocaíochtaí a thíolacadh trí mheán leictreonach trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Tá tuairisceáin dlite ar bhonn ráithiúil (Eanáir-Márta, Aibreán-Meitheamh, Iúil-Meán Fómhair, Deireadh Fómhair-Nollaig). Ní mór tuairisceáin agus an íocaíochtaí a dhéanamh ar an 15 lá den mhí tar éis an lae deiridh den tréimhse chuntasaíochta lena mbaineann an tuairisceán.
Mar shampla, ní mór an tuairisceán don ráithe dar críoch 31 Márta a thíolacadh agus a íoc faoin 15 Aibreán. Sa chás nach ndéantar aon gheall trí mheán cianda, ní mór do gheallghlacadóirí suim 'nialas' a thaifeadadh le haghaidh Dleacht Gealltóireachta Cianda don tréimhse sin.
Sa chás go gcuirtear geall isteach thar an gcuntar beidh sé seo faoi réir Dleacht Ghealltóireachta. Sna cásanna seo, ní mór an rannán ábhartha den tuairisceán a chomhlánú ar leithligh.