Dleacht Gealltóireachta Cianda

Céard is Dleacht Ghealltóireachta Cianda ann?

Is éard is Dleacht Ghealltóireachta Cianda ann ná dleacht mháil a ghearrtar ar gach geall a chuireann duine sa Stát le Geallghlacadóir Ceadúnaithe ar mhodh cianda.

Tagraíonn meán cianda d'aon mhodh trínar féidir le duine cumarsáid a dhéanamh agus idirbheartú le duine i suíomh fisiceach eile, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:

  • an tidirlín
  • teileafóin
  • aistrithe sócmhainní (m.sh.  airgead, criptea-airgeadraí, nó aistriú sócmhainní eile)

Tá geallta a thógtar thar an gcuntar faoi réir Dleacht Ghealltóireachta.

Ar aghaidh: Cad iad na rátaí dleachta?