DAC6

Cathain agus conas a mhalartaítear faisnéis le ballstáit eile

Ní mór do na Coimisinéirí Ioncaim sonraí faoi shocraíochtaí intuairiscithe a mhalartú laistigh de mhí amháin ó dheireadh na ráithe ina dtuairiscítear iad. Mar shampla, má thíolactar an tuairisceán i mí Eanáir atá i ráithe 1, malartófar é faoi dheireadh mhí Aibreáin.

Seoltar sonraí faoi shocraíochtaí intuairiscithe trasteorann chuig Príomh-Eolaire an Choimisiúin Eorpaigh. Féadfaidh na Ballstáit ábhartha rochtain a fháil ansin ar nochtuithe chun críocha údaraithe.

Rinne Éirinn malartú faisnéise bainteach le socraíochtaí intuairiscithe trasteorann den chéad uair i mí Aibreáin 2021.