DAC7
Faisnéis atá le soláthar d'oibreoirí ardán ag díoltóirí ar eintitis iad
Tabhair do d’aire
Tá comhaontuithe i bhfeidhm ag Éirinn faoi na Rialacha Samhla Tuairiscithe le haghaidh Oibreoirí Ardán Digiteach (MRDP) le Ceanada, leis an Nua-Shéalainn agus leis an Ríocht Aontaithe. Ceanglaítear ar Oibreoirí Ardán díoltóirí a bhfuil cónaí orthu sna dlínsí seo nó atá ar cíos acu a thuairisciú.
Is creataí comhchosúla iad Council Directive (EU) 2021/514 (DAC7) agus na Rialacha samhla le haghaidh Oibreoirí Ardán Digiteach (MRDP). Cuireann siad d'oibleagáid ar oibreoirí ardán digiteach faisnéis a bhailiú agus a thuairisciú go huathoibríoch faoi dhíoltóirí áirithe a úsáideann a n-ardáin chun breithniú a thuilleamh.
Faisnéis atá le soláthar d'oibreoirí ardán ag díoltóirí ar daoine aonair iad
Éilíonn an DAC7 agus MRDP ar dhíoltóirí ar daoine aonair iad an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar d'oibreoir ardáin:
- Céadainm agus sloinne.
- Príomhsheoladh.
- Gach Uimhir Aitheantais Cánach (TIN) a eisítear chuig an díoltóir sin, lena n-áirítear gach Ballstát eisiúna.
- In éagmais TIN, áit bhreithe an díoltóra.
- Uimhir aitheantais Cáin Bhreisluacha (CBL), má tá ceann amháin ag an díoltóir.
- Dáta breithe.
Ní éilíonn an MRDP áit bhreithe ná uimhir aitheantais CBL a bhailiú.
Mura díoltóir eisiata é an duine aonair, cuirfidh an t-oibreoir ardáin an fhaisnéis seo ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim gach bliain agus tuairisceán DAC7 nó MRDP á thíolacadh acu.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi dhíoltóirí eisiata, féach 'Díoltóirí nach bhfuil oibleagáid tuairiscithe orthu faoi DAC7/MRDP'.
Faisnéis atá le soláthar d'oibreoirí ardán ag díoltóirí ar eintitis iad
Éilíonn an DAC7 agus MRDP ar dhíoltóirí ar eintitis iad an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar d'oibreoir ardáin:
- A n-ainm dlíthiúil.
- A bpríomhsheoladh.
- Sonraí maidir le gach díoltóir intuairiscithe de chuid gach Ballstáit ina ndéantar gníomhaíochtaí ábhartha trí bhuanbhunaíocht in aon Bhallstát, i gcás ina bhfuil siad ar fáil.
- Gach Uimhir Aitheantais Cánach (TIN) a eisítear chuig an díoltóir sin, lena n-áirítear gach Ballstát eisiúna.
- A n-uimhir aitheantais CBL, nuair atá sí ar fáil.
- A n-uimhir chlárúcháin ghnó.
Ní éilíonn an MRDP faisnéis bhuanbhunaíochta ná uimhreacha aitheantais CBL a bhailiú.
Mura díoltóir eisiata é an t-eintiteas, cuirfidh an t-oibreoir ardáin an fhaisnéis seo ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim gach bliain agus tuairisceán DAC7 nó MRDP á thíolacadh aige.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi dhíoltóirí eisiata, féach 'Díoltóirí nach bhfuil oibleagáid tuairiscithe orthu faoi DAC7/MRDP'.
Ar aghaidh: Faisnéis a thuairiscítear maidir le díoltóirí faoi DAC7