An próiseas comhairliúcháin phoiblí

Tabhair do d’aire

Tá an comhairliúchán seo dúnta anois agus tá tuarascáil ar an bpróiseas Comhairliúcháin Phoiblí foilsithe. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Tuarascáil ar an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí.

Ar an 10 Deireadh Fómhair 2023, d'fhógair an tAire McGrath ina óráid Lá an Bhuiséid go seolfadh na Coimisinéirí Ioncaim comhairliúchán poiblí. Dhírigh an comhairliúchán poiblí seo ar an gcaoi go bhféadtar dul chun cinn digiteach a úsáid chun Córas Sonraiscithe agus Tuairiscithe CBL na hÉireann a nuachóiriú. Chlúdaigh an comhairliúchán tosaigh seo an t-athchóiriú ar thuairisciú CBL ó Ghnó go Gnó (B2B) agus Gnó go Rialtas (B2G), le tacaíocht ó ríomhShonrascú.

Trí chóras tuairiscithe CBL intíre na hÉireann a nuachóiriú, beidh sé níos éasca agus níos réidhe do ghnóthaí a n-oibleagáidí tuairiscithe CBL a chomhlíonadh. Bhí suim ag na Coimisinéirí Ioncaim chomh maith i dtuairimí ár ngeallsealbhóirí maidir le córas nua Tuairiscithe CBL fíor-ama digiteach a fhorbairt i gcomhar le ríomhshonrascú éigeantach. I measc ár ngeallsealbhóirí tá gnóthaí, soláthraithe bogearraí cuntasaíochta, soláthraithe ríomhShonraiscithe, cleachtóirí cánach, gnóthaí cuntasaíochta, coimeádaithe leabhar, comhlachtaí ionadaíocha gnó agus tionscail, agus gach páirtí leasmhar eile.

Bhí an próiseas comhairliúcháin phoiblí seo ar siúl ón 13 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 31 Eanáir 2024. 

Tugann an consultation paper comhthéacs breise ar an gcúis a bhfuilimid ag tabhairt faoin gcomhairliúchán seo.

I measc na gceisteanna comhairliúcháin tá dhá Chuid, A agus B.

Cuid A - Ceisteanna ginearálta comhairliúcháin

D’iarr na ceisteanna i gCuid A do thuairimí maidir le tuairisciú digiteach CBL fíor-ama agus ríomhshonrascú. Lorgaíodh agus spreagtar tuairimí gach freagróra. Ní ceisteanna uileghabhálacha a bhí iontu seo agus cuireadh fáilte roimh théamaí breise a mheas tú a bheith ábhartha. Iarradh ort na cúiseanna le do thuairimí a leagan amach agus aon fhianaise a mheas tú a bheith ábhartha a chur ar fáil.

Tá freagraí agus tíolacthaÍ ar na ceisteanna comhairliúcháin a chuirtear i láthair i gCuid A den chomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha na nithe seo a leanas:

  • An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014
  • Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis Chomhshaoil (RFC) 2007-2018
  • agus
  • an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.

Foilsíodh ábhar na dtíolacthaí go léir a fhaightear mar fhreagra ar na ceisteanna comhairliúcháin i gCuid A ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim. Rinneadh na sonraí pearsanta go léir a chur i bhfolach sula bhfoilseofar iad.

Cuid B – Comhthéacs gnó

Moladh do cháiníocóirí gnó insint dúinn faoina ngnó i gCuid B. Chabhraigh sé seo linn comhthéacs do chuid freagraí i gCuid A a thuiscint agus tuiscint iomlán a fháil ar a bhfuil tábhachtach dá samhail ghnó.

Caitheadh go rúnda le freagraí a bhain go sonrach le cáiníocóirí i gCuid B agus níl siad faoi réir scaoilte faoin reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise. Ina theannta sin, cuireann Alt 851A den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 (ACC 1997) rúndacht cáiníocóirí ar bhonn foirmiúil agus cuireann sé ar a suaimhneas do cháiníocóirí go bhfuil a gcuid faisnéise pearsanta agus tráchtála a nochtar do na Coimisinéirí Ioncaim cosanta i leith nochtadh neamhúdaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim do thríú páirtithe. D'fhéadfaí do fhreagraí a anaithnidiú agus a chomhiomlánú chun anailís a dhéanamh ar phróifíl na bhfreagróirí gnó.

Níor ghá d'fhreagróirí ar an gcomhairliúchán in aon cháil seachas mar cháiníocóir, mar shampla, mar chomhairleoir nó mar chomhlacht ionadaíoch, na ceisteanna i gCuid B a chomhlánú. Ina áit sin, iarradh orthu comhthéacs éigin a chur ar fáil faoina n-eagraíocht agus faoin gcumas ina raibh siad ag cur leis an gcomhairliúchán seo.

Chun tuilleadh eolais ar thorthaí an chomhairliúcháin a fháil, féach Tuarascáil ar an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí.