Tuarascáil ar an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí

D'fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim report ar an gComhairliúchán Poiblí a rinneadh le déanaí maidir le riarachán na hÉireann ar Cháin Bhreisluacha (CBL) a nua-aoisiú.

Bhí sé mar aidhm ag an gcomhairliúchán tuairimí a lorg maidir le tograí chun tuairisciú digiteach CBL fíor-ama a thabhairt isteach do ghnólachtaí in Éirinn, bunaithe ar sonrascú leictreonach. Beidh na nuachóirithe atá beartaithe ag teacht leis an tionscnamh um athchóiriú CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA) atá á phlé faoi láthair ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.

Bhí comhairliúchán poiblí na gCoimisinéirí Ioncaim ar siúl ó Dheireadh Fómhair 2023 go dtí Eanáir 2024.

Fuarthas 1,118 freagra san iomlán. Tháinig dearcthaí agus tuairimí ó ghnólachtaí beaga agus móra, go háirithe FBManna, a bhfuil baint acu le CBL a thuairisciú agus a íoc. Fuarthas aighneachtaí freisin ó go leor geallsealbhóirí eile bainteach le cur i bhfeidhm CBL. Ina measc bhí gnólachtaí cuntasaíochta agus cánachais, soláthraithe bogearraí, comhlachtaí gairmiúla, agus eagraíochtaí gnó.

Soláthraíonn an Tuarascáil achoimre ar na príomhphointí a d’eascair as na tíolacthaí comhairliúcháin. Iarradh ar fhreagróirí freagra a thabhairt ar sheacht gceist chomhairliúcháin. Chun cóipeanna ar a gcuid freagraí aonair, féach consultation submissions. Chuir formhór na bhfreagróirí gnó roinnt faisnéise ar fáil freisin faoina ngnó féin ar mhaithe le comhthéacs, a iarradh ar bhonn rúnda. 

Mar a bhí súil leis, thug an comhairliúcháin poiblí léargas luachmhar do na Coimisineirí Ioncaim ar an gcaoi a dtuigeann agus a smaoiníonn gnólachtaí faoi láthair, ar an nua-aoisiú atá beartaithe. Leag an próiseas béim ar shaincheisteanna praiticiúla agus ar ábhair imní do ghnóthaí maidir le haon bheart chun tuairisciú digiteach a thabhairt isteach agus sonrascú leictreonach a leathnú. Beidh gá aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo chun nua-aoisiú rathúil a dhearadh agus a chur i bhfeidhm. Ina dtíolacthaí, rinne rannpháirtithe sa Chomhairliúchán cur síos ar roinnt smaointe maidir le conas a d’fhéadfaí é seo a bhaint amach. Chomh maith leis sin, roinneadh sna freagraí, tuiscintí ó thaithí na ngnólachtaí a oibríonn i dtíortha eile a bhfuil athchóirithe comhchosúla déanta acu cheana féin.

Ba mhaith leis na Coimisinéirí Ioncaim buíochas a ghabháil le gach rannpháirtí as a gcuid aighneachtaí a roinnt tríd an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí. Cabhróidh na dearcthaí, tuairimí agus na smaointe a roinn siad le cinntí a threorú faoin mbealach is fearr is féidir linn riarachán CBL na hÉireann a nua-aoisiú.

Na chéad chéimeanna eile

Tá sé i gceist ag na Coimisinéirí Ioncaim leanúint ar aghaidh ag plé leis an bpobal CBL ar an ábhar seo. Beidh tuilleadh comhairliúcháin agus rannpháirtíocht phoiblí eile ann, de réir mar a thagann cruth níos soiléire ar ár dtograí athchóirithe, mar a dhéantar iad a thástáil, a bheachtú agus a chur i bhfeidhm. Go háirithe, ba mhaith linn plé spriocdhírithe a dhéanamh agus muid ag fiosrú príomhcheisteanna agus ag smaoineamh ar réitigh fhéideartha ar bhealach níos mionsonraithe. Maidir leis sin, leathnóimid ár rannpháirtíocht le lucht déanta beartas agus le comhlachtaí poiblí ábhartha eile. Leanfaimid ar aghaidh freisin lenár bplé le Coimisiún an AE maidir le tograí ViDA.

Mar fhaisnéis chúlra, féach ar an bpáipéar comhairliúcháin poiblí a d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim i mí Dheireadh Fómhair 2023.

Féadtar fiosrúcháin faoi nua-aoisiú CBL a chur chuig vatmodernisation@revenue.ie