Revenue launches information campaign for PAYE taxpayers

Inniu (04/02/2025), d'fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim réimse staitisticí maidir le Tuairisceáin Cánach Ioncaim ÍMAT 2024, a tíolacadh go dtí seo i mbliana. Léiríonn na staitisticí seo go bhfuil os cionn 550,000 tuairisceán ÍMAT próiseáilte cheana féin maidir leis an mbliain mheasúnaithe 2024, amhail an 29 Eanáir 2025. Feictear do na Coimisinéirí Ioncaim freisin go bhfuil méadú leanúnach ag teacht ar an treocht le líon na gcáiníocóirí ÍMAT a úsáideann seirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim chun a dTuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh le linn na seachtainí tosaigh den bhliain nua. 

Agus fáilte á cur aici roimh an leibhéal rannpháirtíochta atá ag dul in airde, dúirt Aisling Ní Mhaoileoin, Bainisteoir Náisiúnta ÍMAT na gCoimisinéirí Ioncaim:

"Tá an tseirbhís moChúrsaí tapa, éasca agus saor in aisce le húsáid agus ar fáil ó cheann ceann na bliana, 24 uair sa lá, 7 lá na seachtaine. Ina theannta sin, úsáideann muid an fhaisnéis go léir atá ar fáil dúinn chun tuairisceáin a réamhlíonadh. Dá bhrí sin, i gcás fhormhór mór na gcáiníocóirí ÍMAT, is próiseas simplí atá ann tuairisceán a thíolacadh, féadtar é a chomhlánú ag am a oireann dóibh féin. 

Trí Thuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh, féadfaidh cáiníocóirí ÍMAT a chinntiú go bhfuil siad ag éileamh gach creidmheas cánach agus faoiseamh atá siad i dteideal a fháil, agus go bhfaighidh siad aon aisíocaíocht atá dlite dóibh. As na tuairisceáin a tíolacadh go dtí seo i mbliana, bhí ró-íocaíocht chánach mar thoradh ar os cionn 80% acu (thart ar 444,000), agus tá aisíocaíochtaí os cionn €400 milliún eisithe cheana féin.

Féadfaidh cáiníocóirí ÍMAT moChúrsaí a úsáid freisin chun aon ioncam breise a thuill siad lasmuigh den chóras ÍMAT a chur san áireamh. Bhí gearríocaíocht chánach mar thoradh ar bheagnach 12% (thart ar 66,000) de thuairisceáin 2024 a próiseáladh go dtí seo i mbliana, agus tá muid ag obair leis na cáiníocóirí sin chun an gearríocaíocht a bhailiú trína gcreidmheasanna cánach amach anseo a laghdú thar thréimhse 4 bliana."

Léirítear freisin sna staitisticí a foilsíodh inniu go bhféadfadh sé go raibh €389 milliún eile ró-íoctha le linn 2024. Dá bhrí sin, tá feachtas faisnéise poiblí seolta ag na Coimisinéirí Ioncaim chun feasacht a ardú i measc cáiníocóirí ÍMAT faoin réimse creidmheasanna cánach agus faoiseamh atá ar fáil, agus faoin gcaoi ar féidir iad a éileamh.

 Ag labhairt dó ag seoladh an fheachtais faisnéise seo níos luaithe inniu, dúirt Dan Oosthuizen ó Sheirbhísí ÍMAT na gCoimisinéirí Ioncaim:

"Léiríonn ár dtaifid go bhféadfadh sé gur ró-íocadh €389 milliún breise in 2024, agus mar sin molaim do gach cáiníocóir ÍMAT logáil isteach ar sheirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim chun a seasamh cánach a thabhairt chun críche a luaithe is féidir leo.

 Meabhraítear do cháiníocóirí freisin go bhfuil ceithre bliana acu chun aon aisíocaíocht bhreise a d'fhéadfadh a bheith dlite dóibh a éileamh. Dá bhrí sin, ba chóir d'aon cháiníocóir nach ndearna amhlaidh go fóill athbhreithniú a dhéanamh agus a seasamh cánach a thabhairt chun críche do na blianta 2021, 2022 agus 2023. Má tá airgead dlite ag na Coimisinéirí Ioncaim duit, gheobhaidh tú aisíocaíocht isteach i do chuntas bainc laistigh de chúpla lá. Má tá airgead dlite agat do na Coimisinéirí Ioncaim, oibreoimid leat chun rogha íocaíochta oiriúnach a fháil.”

Féadtar treoir mhionsonraithe a fháil, lena n-áirítear físeáin céim ar chéim maidir le conas Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a thíolacadh agus eolas ar an réimse leathan creidmheasanna cánach agus faoiseamh atá ar fáil, ar leathanach an fheachtais do moChúrsaí agus ÍMAT. Féach www.revenue.ie/paye

Féadtar teacht ar sheirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim trí shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim, nó trí chuntas fíoraithe MyGovID, agus meabhraítear do cháiníocóirí nach ndéanann na Coimisinéirí Ioncaim cumarsáid riamh trí ríomhphost nó trí théacs.

Tuairisceáin Chánach Ioncaim ÍMAT - Réamhstaitisticí 

[CRÍOCH 04/02/2025]