A cháiníocóirí Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT), tá sé in am do Thuairisceán Cánach Ioncaim do 2024 a thíolacadh.
Logáil isteach ar sheirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim, agus déan athbhreithniú ar do sheasamh deireadh bliana. Is féidir leat an próiseas a chomhlánú tú féin, ach déan cinnte:
- go bhfuil gach creidmheas cánach agus faoiseamh a bhfuil tú i dteideal a fháil á éileamh agat
- agus
- gur chuir tú ar eolas muid faoi aon ioncam a thuill tú lasmuigh den chóras ÍMAT.
Má tá aisíocaíocht dlite duit, gheobhaidh tú í laistigh de chúpla lá. Má tá airgead dlite agat dúinn, oibreoimid leat chun rogha íocaíochta a fháil.
Tá moChúrsaí tapa, éasca agus saor in aisce le húsáid. Tá an tseirbhís ar fáil do gach cáiníocóir ÍMAT agus is féidir teacht uirthi 24 uair sa lá, 7 lá na seachtaine. Déanann sé sin éasca é do cháiníocóirí ÍMAT a gcúrsaí cánach féin a bhainistiú ag am a oireann dóibh. Amhail an 31 Eanáir 2025, tá os cionn 550,000 Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT tíolactha don bhliain chánach 2024 cheana féin.
|
Chun eolas a fháil ar an gcaoi le clárú le haghaidh moChúrsaí agus rochtain a fháil air. |
|
Le haghaidh treoir céim ar chéim i leith Tuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh. |
Féadtar a chinntiú freisin go bhfuil gach creidmheas cánach agus faoiseamh a bhfuil tú i dteideal a fháil á n-éileamh agat. Cliceáil ar aon cheann de na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fháil.