Iompraíonn iompróir earraí ó na Stáit Aontaithe Mheiriceá go hÉirinn (atá mar an chéad phointe iontrála san AE).
Ba chóir na céimeanna agus na córais seo a leanas a úsáid chun na gnásanna custam riachtanacha a chomhlánú:
Dearbhú Achoimre Iontrála (ENS)
Cuireann an t-iompróir an ENS isteach sa Chóras Rialaithe Iompórtálacha taobh istigh de na hamlínte riachtanacha. Ar ghlacadh leis an ENS seo gheobhaidh an t-iompróir MRN (Máistir-Uimhir Thagartha).
Fógra um Láithriú agus Dearbhú Stórais Shealadaigh (Tháinig sé seo in ionad an Chóras leictreonach lastliosta a tíolacadh roimhe seo)
Cuireann an t-iompróir teachtaireacht Fógra um Láithriú agus Dearbhú Stórais Shealadaigh le chéile sa CIU ag tagairt do MRN an ENS. Cuirfidh sé seo in iúl do na húdaráis Custam go bhfuil na hearraí ar fáil lena iniúchadh agus go bhfuil siad i stóráis shealadach.
Ar ghlacadh an teachtaireacht seo, gheobhaidh an t-iompróir MRN don chomhtheachtaireacht seo. Ba cheart cóip den chomhtheachtaireacht agus a MRN a sholáthar don oibreoir stórála shealadaigh.