Cén tionchar a bheas ag an gCóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU) ar do ghnó?

Iompórtálaithe

Tá dualgas dhlíthiúil ort mar iompórtálaí earraí ó taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE), dearbhú iompórtála custaim a thaisceadh sa CIU.

Féadfaidh tú

  • do bhogearraí custam féin atá forbartha go hinmheánach agus a bhfuil tacaíocht inmheánach agat dóibh a úsáid
  • bogearraí custam curtha ar fáil ag soláthraí córas seachtrach 

I ngach cás, ní mór duit a chinntiú:

  • go bhféadann na bogearraí custaim atá á n-úsáid agat dul i ngleic leis an CIU
  • agus
  • go bhfuil tuiscint ag d’fhoireann ar ábhar agus ar struchtúr na dearbhuithe agus na cineálacha teachtaireachta.

Má fhostaíonn tú gníomhaire custaim chun do gnásanna iompórtála custaim a bhainistiú, ba chóir duit a chinntiú go bhfuill bogearraí do ghníomhaire in ann dul i ngleic leis an CIU. Má tá gníomhaire custaim ag gníomhú thar do cheann, ní mór duit a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis a thugann tú do do ghníomhaire cruinn agus ceart.

Ar aghaidh: Luasiompróirí