Earraí a athiompórtáiltear isteach san Aontas Eorpach (Faoiseamh i leith Earraí Aisdúichithe)

Cruthúnas gur easpórtáladh ón Aontas Eorpach (AE) na hearraí a athiompórtáladh

Glactar leis na doiciméid seo a leanas go hiondúil mar fhianaise gur easpórtáladh do chuid earraí:

Earraí a easpórtáladh ó Éirinn ar dtús

An Mháistir-Uimhir Thagartha agus cóip den dearbhú easpórtála.

Earraí a easpórtáladh ó Ballstát eile ar dtús

Cóip den dearbhú easpórtála fíordheimhnithe ag oifig easpórtála custam inniúil.

Bileog eolais faoi earraí aisdúichithe (Form INF 3)

Is éard atá i gceist leis an mbileog eolais faoi earraí aisdúichithe (Form INF 3) ná:

  • go mbaintear úsáid as nuair atá an t-easpórtálaí ar an eolas, ag tráth na hiompórtála, go bhféadtar na hearraí a athiompórtáil isteach i mBallstát eile den Aontas Eorpach (AE)
  • agus
  • go mbíonn sé comhlánaithe ag na húdaráis inniúla sa Bhallstát easpórtála.

Tabharfar an chóip bhunaidh agus cóip amháin eile den fhoirm ar ais don easpórtálaí lena gcur i láthair ag tráth na hath-iompórtála. Sa chás go n-úsáidtear an fhoirm seo le haghaidh earraí talmhaíochta ar íocadh aisíocaíochtaí easpórtála ina leith, tá na rialacha seo i bhfeidhm:

  • Ní mór go mbeadh an fhoirm comhlánaithe ag na húdaráis inniúla sa Bhallstát easpórtála. 
  • agus
  • Ní mór ceann de na droimscríobhanna seo a leanas a úsáid:
    • ‘Níor deonaíodh aon aisíocaíochtaí ná aon suimeanna eile ar easpórtáil’
    • ‘Deonaíodh aisíocaíochtaí agus suimeanna eile ar easpórtáil, aisíoctha i leith ..... (cainníocht)’
    • ‘Teidlíocht i leith íoc aisíocaíochtaí nó suimeanna eile ar easpórtáil, cealaithe i leith (cainníocht)’.

Féadtar bileog eolais faoi earraí aisdúichithe (Form INF 3) a fháil ó d’Oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Carnet ATA

Sa chás go n-easpórtáiltear d’earraí faoi carnet ATA, féadtar é seo a úsáid mar fhianaise ar easpórtáil. I gcásanna den chineál seo, féadtar Faoiseamh i leith Earraí Aisdúichithe a cheadú, fiú nuair a bhíonn an carnet ATA imithe in éag. Ní mór na hearraí a bheith athiompórtáilte taobh istigh de thréimhse trí bliana ó dháta na heaspórtála.

Féadtar fianaise eile a thíolacadh má tá sé ar fáil. Féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fianaise bhreise, más gá, chun cabhrú leis na hearraí athiompórtáilte a shainaithint.

Ar aghaidh: Pacáistiú a athiompórtáil