Earraí a athiompórtáiltear isteach san Aontas Eorpach (Faoiseamh i leith Earraí Aisdúichithe)

Nós imeachta ag tráth na hathiompórtála ar earraí easpórtáilte

Teastóidh cruthúnas uait gurb iad na hearraí athiompórtáilte iad na hearraí a easpórtáladh. I gcás earraí talmhaíochta ar íocadh aisíocaíochtaí easpórtála ina leith, beidh ort cruthúnas a chur ar fáil gur diúltaíodh do na hearraí. Ní mór gur diúltaíodh na hearraí ar cheann de na cúiseanna a bhfuil cur síos orthu faoi na rialacha d’earraí talmhaíochta.

Ní mór seoltóir na n-earraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. Fianaise liostaithe thuas a cheangal den taobh amuigh den phacáiste agus iad a mharcáil mar ‘Dhoiciméid Custam’.
  2. Eolas maidir leis na hearraí a sholáthar chuig an tseirbhís post nó cúiréir atá ag láimhseáil an beart. Ba chóir go n-áireofaí i bhfaisnéis na n-earraí:
    • cur siós cruinn
    • cód tráchtearra
    • agus
    • an luach.
  3. Marcáil an beart ‘Earraí aisdúichithe: díolúine ó mhuirir iompórtála éilithe’.

Féadann cúiréir nó seirbhís post ag láimhseáil an beart an t-eolas seo a úsáid chun dearbhú custaim leictreonach a chomhlánú ag baint úsáid as Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ní mór dóibh, ar an dearbhú custam:

  1. Na hearraí a dearbhú mar earraí aisdúichithe.
  2. Ceann de na cóid seo a leanas a chur isteach in D/E 1/11:
    • Earraí aisdúichithe - faoiseamh ó Dhleacht Custam amháin: F01.
    • Earraí aisdúichithe – earraí talmhaíochta a bhain leas as aisíocaíochtaí easpórtála: F02.
    • Earraí aisdúichithe – earraí a cóiríodh, a deisíodh nó a athchóiríodh thar lear: F03.
    • Earraí aisdúichithe - faoiseamh ó Dhleacht Custam agus CBL (earraí athiompórtáilte ag an duine céanna a d’easpórtáil ar dtús iad): F05.
  3. An cód cuí um nós imeachta a chur isteach in D/E 1/10.
  4. É seo a leanas a chur isteach in D/E 2/3 den dearbhú athiompórtála:
    • Cód 1Q27 agus uimhir do dhearbhaithe bhunaidh easpórtála
    • Cód 1Q99 agus uimhir an INF3.

Ar aghaidh: Cruthúnas gur easpórtáladh ón Aontas Eorpach (AE) na hearraí a athiompórtáladh