Earraí a cheannach ar líne le haghaidh úsáid phearsanta

Cén chaoi le d'earraí a aimsiú tar éis dóibh teacht go hÉirinn

Uaireanta, féadfaidh sé go mbeidh moill ar sheachadadh d’earraí tar éis dóibh teacht go hÉirinn. Má tharlaíonn sé seo, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an gcúiréir, oibreoir poist nó le díoltóir na n-earraí chun nuashonrú a fháil.

Má roghnaítear d'earraí le haghaidh idirghabháil Custam, féadfaidh an cúiréir, an t-oibreoir poist nó a ngníomhaire Custam teagmháil a dhéanamh leat. D'fhéadfaidís a bheith ag lorg faisnéis nó doiciméid bhreise amhail deimhniú an ordaithe nó an sonrasc. 

Mura bhfuil dóthain faisnéise ag an gcúiréir nó ag an oibreoir poist chun an dearbhú Custam a chomhlánú, féadfaidh siad rogha a dhéanamh na hearraí a thabhairt ar ais don seoltóir. Is faoin gcúiréir nó faoin oibreoir poist atá sé cinneadh a dhéanamh. 

Má tá d'earraí faoi réir, Toirmisc nó Sriain, agus má dhéanann Custaim iad a urghabháil nó a choinneáil, gheobhaidh tú fógra i scríbhinn. Cuirfidh an fógra sonraí teagmhála na hoifige Custam cuí ar fáil.

Má tá imní ort faoi bhailíocht na teagmhála a fuarthas, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le díoltóir na n-earraí.

Ar aghaidh: Cén chaoi le do tháillí iompórtála a íoc