Earraí pearsanta á dtabhairt ar ais go hÉirinn ó thaobh amuigh den AE

  1. Cásanna ina ngearrtar dleachtanna iompórtála
  2. Coinníollacha le haghaidh Faoisimh ar Earraí Aisdúichithe (RGR)
  3. Léargas ginearálta

Coinníollacha le haghaidh Faoisimh ar Earraí Aisdúichithe (RGR)

Ba chóir an beartán a mharcáil 'Earraí aisdúichithe: díolúine ó mhuirir iompórtála éilithe'.

Tá an méid seo a leanas ag teastáil nuair atá RGR á éileamh agat:

  • Cruthúnas gur thóg tú na hearraí amach as an Aontas Eorpach (AE).
  • Cruthúnas ar úinéireacht na n-earraí, nuair atá sé ar fáil. Ní mór do na Coimisinéirí Ioncaim a bheith sásta gur earraí pearsanta athláimhe iad na hearraí atá á dtabhairt ar ais agus nach earraí nuacheannaithe iad.
  • Deimhniú gurbh é an duine atá ag fáil na n-earraí an duine céanna a thóg na hearraí amach as an AE ar dtús. 
  • Ba chóir duit a thabhairt do d'aire, má tá na hearraí á dtabhairt ar ais chuig duine nár thóg na hearraí amach as an AE, beidh Cáin Bhreisluacha (CBL) iníoctha nuair a thugtar na hearraí ar ais.
  • Ní mór aon earraí atá á dtabhairt ar ais a sheoladh ar ais go hÉirinn laistigh de thrí bliana ón uair a d'fhág siad an AE.
  • Deimhniú go gcuirtear na míreanna ar ais sa riocht chéanna is a bhí siad nuair a d'fhág siad Éirinn ar dtús. Níl earraí a sheoltar amach as an AE lena ndeisiú clúdaithe ag an bhfaoiseamh seo. Chun faisnéis a fháil maidir le hearraí a sheoltar lasmuigh den AE lena ndeisiú, féach próiseáil amach.

Ar aghaidh: Earraí pearsanta á dtabhairt ar ais go hÉirinn ó thaobh amuigh den AE