Earraí pearsanta á dtabhairt ar ais go hÉirinn ó thaobh amuigh den AE
Cásanna ina ngearrtar dleachtanna iompórtála
Cuirfidh an t-oibreoir poist nó an chuideachta cúiréireachta in iúl duit nuair atá cáin agus dleacht iompórtála á ghearradh ar d'earraí. De ghnáth tugtar tréimhse ama duit inar chóir na muirir a íoc sula gcuirtear na hearraí ar ais chuig an seoltóir. Sula dtéann an tréimhse seo in éag, ba chóir duit ríomhphost a sheoladh chuig an oibreoir poist nó chuig an gcuideachta cúiréireachta chun a chur in iúl go bhfuil Faoiseamh i leith Earraí Aisdúichithe (RGR) á éileamh agat.
Ba chóir an méid seo a leanas a bheith san áireamh sa ríomhphost:
- d’ainm agus do sheoladh iomlán
- an chúis go bhfuil na hearraí á dtabhairt ar ais
- an dáta ar seoladh na hearraí ar ais agus cé chuige a bhfuil siad á dtabhairt ar ais
- an ainm agus seoladh ar an pacáiste, agus gach uimhir rianaithe ábhartha
- sonraí ar do thaisteal agus an áit ar fágadh an earra, nó cén áit as a bhfuil na hearraí á dtabhairt ar ais anois
- cruthúnas gur tusa a thóg na hearraí amach, mar shampla, ticéid taistil nó sonraí lóistín. Má chug tú féin na míreanna amach agus tá to ag seoladh iad ar ais chuig duine éígin eile, mar sin béidh Cáin Bhreisluacha (CBL) iníoctha
- cruthúnas ar úinéireacht na míreanna (nuair atá siad ar fáil) agus aon doiciméid cuí eile
- agus
- ríomhphost uait féin (nó ó seoltóir d'earraí) ina ndeimhnítear na cúinsí a bhaineann le tabhairt ar ais na n-earraí.
Sampla 1
Taistealaíonn tú go Nua Eabhrac le péire spéaclaí gréine costasacha. Fágann tú i Nua-Eabhrac iad agus seoltar ar ais go hÉirinn iad ina dhiaidh sin chugatsa.
Gearrann an chuideachta seachadta in Éirinn muirir Custam agus CBL nach mór a íoc de ghnáth sular féidir an earra a sheachadadh.
Ag glacadh leis gur féidir leat úinéireacht a chruthú agus cloí leis na coinníollacha atá leagtha amach thuas, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an gcuideachta cúiréireachta, agus leasóidh siadsan an dearbhú iompórtála agus a éileoidh siad faoiseamh ó Dhleacht Custam agus CBL.
Sampla 2
Tá tú ag taisteal san Astráil agus cuireann méid áirithe éadaí abhaile go hÉirinn chuig duine muinteartha. Ag glacadh leis go bhfuil na cruthúnais thuasluaite i bhfeidhm, beidh RGR infheidhme agus ní ghearrfar aon Dleacht Custam. Gearrfar CBL, áfach.
Tuilleadh eolais
Féach ar ár rannán Faoiseamh ar Earraí Aisdúichithe chun tuilleadh eolais a fháil, nó déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.
Ar aghaidh: Coinníollacha le haghaidh Faoisimh ar Earraí Aisdúichithe (RGR)