Úsáid phríobháideach veaineanna curtha ar fáil ag an bhfostóir

  1. Léargas ginearálta
  2. Coibhéis airgid veaineanna curtha ar fáil ag an bhfostóir a ríomh
  3. Liúntais i leith veaineanna
  4. Díolúintí ó Shochar Comhchineáil

Coibhéis airgid veaineanna curtha ar fáil ag an bhfostóir a ríomh

Is é an choibhéis airgid veain a chuireann tú ar fáil d’fhostaí ná 8% den Luach ar an Margadh Bunaidh (LMB) atá ar an veain. Suas go dtí mí na Nollag 2022, ríomhadh an choibhéis airgid ag 5% den LMB an veain. Má rinneadh bunathrú ar an veain, ba chóir go n-eisiafaí an bunathrú seo ón LMB. Sampla de bhunathrú is ea cás inar suiteáladh aonad cuisniúcháin.

Má íocann d’fhostaí as costas reatha na veain go díreach leat, ba chóir an choibhéis airgid a laghdú faoin tsuim a íocadh.

I gcás 2023, 2024 agus 2025, is féidir laghdú €10,000 a chur i bhfeidhm ar LMB veaineanna chun an choibhéis airgid a ríomh.

Féadfaidh sé nach bhfuil úsáid na veain ag d’fhostaí don bhliain iomlán. Féadfaidh sé go bhfuil sé seo amhlaidh:

  • toisc go bhfuair d’fhostaí veain le linn na bliana cánach
  • toisc gur thug d’fhostaí veain suas roimh dheireadh na bliana cánach
  • toisc gur thaisteal an fostaí thar lear gan an veain.

Sa chás go dtarlaíonn sé seo, féadtar an choibhéis airgid a laghdú chun líon na laethanta a raibh an veain ag d'fhostaí i ndáiríre a léiriú. Mar shampla, i gcás nach raibh an veain ar fáil ach le haghaidh 13 seachtaine sa bhliain bheadh an ‘coibhéis airgid’ cothrom le haon cheathrú den tsuim a bheadh i gceist le haghaidh bliain iomlán.

Ar aghaidh: Liúntais i leith veaineanna