Díolúintí taistil agus cothuithe i gcás fostaíochta áirithe
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
Féadtar costais taistil agus chothabhála a thabhaigh scrúdaitheoir de chuid Choimisiún na Scrúduithe Stáit a íoc saor ó cháin. Tá sé seo amhlaidh ón 1 Eanáir 2016.
Féadfaidh tú na costais a íoc saor ó cháin do do scrúdaitheoirí má tá siad ceangailte go díreach le:
- forbairt páipéar scrúdaithe nó ábhair eile scrúdaithe
- páipéir nó ábhair a mharcáil
- dualgais feitheora a chomhlíonadh ag scrúdú.
Má íocann tú costais ag rátaí níos airde ná rátaí na Státseirbhíse ní mór dóibh cáin a íoc ar an bhfarasbarr.