Taisteal agus cothú

Rátaí státseirbhíse

Rátaí státseirbhíse i leith mótar agus rothar

Carranna (ráta in aghaidh an chiliméadair)

Rátaí mótarthaistil – i bhfeidhm ó 1 Meán Fómhair 2022

Banda achair

Toilleadh innill suas le 1200cc

Toilleadh innill 1201–1500cc

Toilleadh innill 1501cc nó níos mó

Suas le 1,500km

(Banda 1)

 41.80 cent  43.40 cent  51.82 cent
 

1,501–5,500km

(Banda 2)
 72.64 cent  79.18 cent  90.63 cent
 

5,501–25,000km

(Banda 3)
 31.78 cent  31.79 cent  39.22 cent

25,001km agus níos mó

(Banda 4) 
 20.56 cent  23.85 cent 25.87 cent 

Agus na rátaí nua seo á dtabhairt isteach, ní athrófar na ciliméadair carntha ag fostaí idir 1 Eanáir 2022 agus 31 Lúnasa 2022. Áireofar, áfach, na ciliméadair a tiomáineadh go hiarbhír go dtí seo chun líon iomlán na gciliméadar don bhliain.

Sampla

D’éiligh tú 1,400km faoin 31 Lúnasa 2022. D’aistreofá chuig an ráta nua a bhaineann le Banda 1 don 100km fágtha sa bhanda sin.

Ba chóir d'éilimh ar mhíleáiste a dhéantar i dtaca le turais déanta i bhfeithiclí leictreacha úsáid a bhaint as na rátaí a bhaineann le toilleadh innill 1201cc-1500cc. Féach an tábla thuas. 

Rátaí mótarthaistil laghdaithe in aghaidh an chiliméadair
Toilleadh innill suas le 1200cc  Toilleadh innill 1201cc go 1500cc Toilleadh innill 1501cc agus níos mó
 21.23 cent  23.80 cent  25.96 cent

Bíonn rátaí mótarthaistil i bhfeidhm do thurais atá baint acu le post oifigigh ach nach mbaineann go heisiach le feidhmíocht na ndualgas sin. I measc na samplaí tá taisteal riachtanach maidir le: 

  • freastal ar chomórtais ardú céime atá deimhnithe
  • freastal ar chúrsaí ceadaithe i leith oideachais nó comhdhálacha.  

Gluaisrothair (ráta in aghaidh an chiliméadair)

Rátaí gluaisrothar (ó 5 Márta 2009)

Achar
Toilleadh innill suas le 150cc Toilleadh innill 151cc –250cc Toilleadh innill 251cc –600cc Toilleadh innill 601cc agus níos mó
Suas le 6,437km 14.48 cent 20.10 cent 23.72 cent 28.59 cent
6,438km agus níos mó 9.37 cent 13.31 cent 15.29 cent 17.60 cent

Rothair

Rátaí rothar (ó 1 Feabhra 2007)
Rátaí in aghaidh km 8 cent

Rátaí cothaithe na státseirbhíse

Rátaí le haghaidh socrúcháin laistigh den Stát

Liúntas thar oíche 

Rátaí cothaithe intíre thar oíche 14 Nollaig 2023)
Gnáthráta €195.00
Ráta Laghdaithe €175.50
Ráta Coinneála €97.50

Clúdaíonn liúntas thar oíche socrúchán thar oíche suas le 24 uair an chloig. Ní mór go mbeadh an fostaí bunaithe 100km ar a laghad óna dteach agus óna ngnátháit oibre.

Braitheann catagóir an ráta ar thréimhse an tsocrúcháin:

  • an gnáthráta ná suas le 14 oíche
  • clúdaíonn an ráta laghdaithe na chéad 14 oíche ina dhiaidh sin
  • clúdaíonn an ráta coinneála gach ceann de na chéad 28 oíche ina dhiaidh sin arís.

I gcás socrúcháin atá níos faide ná 56 oíche, ní mór duit iarratas a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim le cinntiú go bhfuil cothú fós ar fáil.

Tá teorainn sé mhí ar thréimhse chothaithe in aon suíomh amháin.

Ráta Lóistín Dearbhaithe (LD) le haghaidh Baile Átha Cliath amháin
 Lóistín Dearbhaithe (LD) Lóistín    Béilte
 Ráta LD Costas dearbhaithe an Lóistín suas le €195.00 Móide  €42.99

Liúntais lae 

Rátaí cothaithe intíre lae (ó 14 Nollaig 2023)
Tréimhse an tsocrúcháin Ráta
Deich n-uaire an chloig nó níos mó €42.99
Idir cúig huaire agus deich n-uaire an chloig €17.92

Ní mór an socrúchán a bheith níos faide ná ocht gciliméadar ó theach nó ó ghnátháit oibre an fhostaí.

Ní fhéadtar liúntas lae agus liúntas thar oíche araon a éileamh ach amháin má oibríonn tú ar feadh cúig n-uaire an chloig nó níos mó an lá ina dhiaidh sin.

Rátaí le haghaidh socrúchán taobh amuigh den Stát

Socrúchán gearrthéarmach

Rátaí cothaithe le haghaidh socrúchán ghearrthéarmacha
Tréimhse an tsocrúcháin thar lear% den ghnáthráta thar oíche
An chéad mhí 100%
An dara agus an tríú mí 75%
An ceathrú, an cúigiú agus an séú mí 50%

Féadtar na rátaí seo a úsáid le haghaidh socrúcháin shealadacha aonair suas le sé mhí sa chás go bhfuil d’fhostaí ag obair thar lear.

Socrúchán fadtéarmach

Breis agus sé mhí atá i gceist le socrúchán fadtéarmach.

Le haghaidh na chéad mhíosa den socrúchán, féadtar tú cothú a cheadú le haghaidh an ráta thar oíche. Is í an chúis leis sin ná an fostaí a éascú chun cóiríocht féinfhreastail a aimsiú.

Don chuid eile den socrúchán féadtar costais chothaithe agus sciar den ráta lae deich n-uaire an chloig a cheadú. Féadann costas an chothaithe an costas as lóistín réasúnta a chlúdach. Féadtar 50% den ráta lae (deich n-uaire an chloig) a cheadú le haghaidh an ionaid.

Rátaí stairiúla na státseirbhíse

Tá na rátaí stairiúla ar fáil in Part 05-01-06 de na Treoirleabhair Chánach agus Dhleachta.

Ar aghaidh: Taisteal práinneach