Taisteal agus cothú
Léargas ginearálta
Féadfaidh tú costais d’fhostaithe a íoc nuair a théann siad ar thurais ghnó. Féadfaidh tú cothú a íoc freisin má tá fostaithe ag obair amach óna ngnátháit oibre.
Féadfaidh tú d'fhostaithe a aisíoc nuair a úsáideann siad a gcarranna príobháideacha, a ngluaisrothair nó a rothair chun críche gnó.
Sa rannán seo mínítear céard iad na cineálacha taistil a fhéadann cáiliú le haghaidh na n-aisíocaíochtaí sin.
Tabhair do d'aire
Ní mór duit sonraí na gcostas a íocadh maidir le taisteal agus cothaithe a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Riachtanais tuairiscithe feabhsaithe.
Ar aghaidh: Gnátháit oibre