Cáin d'fhostaithe a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim

Measúnuithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le do dhualgais reatha. Chun eolas a fháil ar do dhualgais roimh 1 Eanáir 2019, féach ar an treoir d’fhostóirí in Employer's Guide to PAYE.

Féadfaidh sé go seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim measúnú chugat de na suimeanna nach mór duit a íoc sna cásanna seo:

Más rud é go ndearna tú íocaíochtaí le d’fhostaithe, ní mór duit tíolacthaí párolla a thíolacadh don tréimhse mheasúnachta.

Má thíolaic tú tíolacthaí párolla agus má chreideann muid gur thug tú cuntas i leith suim chánach atá ró-íseal, ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an t-iarmhéid amuigh ar an measúnú a íoc
  • agus
  • tíolacthaí párolla ceartaithe a thíolacadh.

Nuair a thíolacann tú tíolacthaí párolla agus nuair a íocann tú an cháin, níl an measúnú dlite a thuilleadh.

Féadfaidh sé go ngearrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ús ar shuimeanna Cánach Ioncaim, ÁSPC agus MSU gan íoc. Is é 0.0274% in aghaidh an lae an ráta úis a ghearrtar. Gearrtar é seo ón dáta atá na híocaíochtaí dlite.

Teorainn ama le haghaidh measúnú ÍMAT

Is iondúil gur ceithre bliana an teorainn ama reachtúil chun measúnú Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) a ardú. Níl aon teorainn ama i gcásanna calaoise nó faillí. 

Féadtar tuilleadh sonraí a fháil ar theorainneacha ama reachtúla chun measúnuithe ÍMAT a ardú in TDM part 42-04-72 Guidelines on PAYE assessments

Measúnú a achomharc

Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh taobh istigh de 30 lá ó dháta an fhógra. Sula dtíolacann tú d’achomharc, ní mór aon suim Cánach Ioncaim, ÁSPC, MSU agus Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) fostóra a thíolacadh agus a íoc atá amuigh don tréimhse.

Ní mór d’achomharc a dhéanamh i scríbhinn chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.

Ar aghaidh: Níl aon cháin dlite le haghaidh míosa