Míreanna nach gcaitear leo mar phá

Aisíocaíocht costas

Féadfaidh sé go dtabhaíonn do chuid fostaithe costais mar chuid dá n-obair. Folaíonn sé seo costais chothaithe, tiomána, rothaíochta nó costais eile. Ón 1 Eanáir 2024, ní mór íocaíochtaí nár gearradh cáin orthu le fostaí, a bhaineann le taisteal agus cothabháil, a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim nuair a dhéantar an íocaíocht. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Riachtanais Tuairiscithe Feabhsaithe.

Costais chothaithe

Féadfaidh sé go bhfuil ar d’fhostaí dualgais na fostaíochta a chomhlíonadh le linn dóibh a bheith:

  • ar shiúl go sealadach óna ngnátháit oibre
  • thar lear ar obair eachtrach.

Féadtar aon chostais chothaithe a tabhaíodh le linn dóibh na dualgais seo a chomhlíonadh a aisíoc leis an bhfostaí. Féadtar é seo a dhéanamh ar cheann de na boinn seo a leanas:

  • liúntais cothromráta inghlactha
  • costais iarbhír a dheimhnítear le hadmhálacha.

Tabhair do d'aire

Ní cheadaítear íocaíochtaí cothaithe saor ó cháin le haghaidh neamhláithreachtaí sealadacha ag suíomh laistigh de 8km ó ionad oibre nó ó theach fostaí.

Liúntais cothromráta inghlactha

Féadtar na costais seo a aisíoc leis an bhfostaí ach úsáid a bhaint as:

  • rátaí chothaithe na Státseirbhíse
  • rátaí nach mó ná rátaí na Státseirbhíse
  • sceideal eile rátaí foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim (faoi réir aon choinníollacha a bheith in éineacht leis, mar shampla, 'airgead tíre'). 

Ní theastaíonn ceadú ó na Coimisinéirí Ioncaim chun na rátaí seo a úsáid.

Chun costais a aisíoc bunaithe ar aon sceideal eile rátaí agus coinníollacha bainteacha, is gá ceadú a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Costais iarbhír a dheimhnítear le hadmhálacha

Féadann tú na costais a iarbhír a thabhaigh d’fhostaí a aisíoc leo. Ná caitear leis na híocaíochtaí seo mar phá chun críocha cánach sa chás:

  • gur thabhaigh d’fhostaí iad go hiomlán, go heisiach agus de riachtanas le linn dóibh a bheith ag comhlíonadh dhualgais a bhfostaíochta
  • gur aisíocadh na costais leis an bhfostaí ar bhonn admhálacha deimhnithe.

Costais tiomána nó rothaíochta

Ní cheadaítear, chun críocha cánach, aon chostais i leith taistil ó do theach, chuig an áit fostaíochta, nó ar ais arís. Ní mór caitheamh le haisíocaíocht na gcostas seo mar phá, agus cáin a ghearradh orthu dá réir.

Féadfann d'fhostaí a gcarr príobháideach, a ngluaisrothar nó a rothar a úsáid chun críocha cánach. Féadann tú na costais inlamhála seo a aisíoc leis an bhfostaí saor ó cháin:

  • de bhun liúntais ciliméadair cothromráta
  • de bhun na costais iarbhír a tabhaíodh.

Tá dhá chineál scéimeanna liúntais ciliméadair ann atá inghlactha chun críocha cánach:

  • rátaí Státseirbhíse
  • aon sceideal eile le rátaí nach mó ná na rátaí Státseirbhíse.

Má aisíocann tú costais iarbhír an taistil le d’fhostaí, ní chaithfear leis na híocaíochtaí seo mar phá chun críocha cánach, sa chás:

  • gurb éigean do d’fhostaí na costais a íoc chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh
  • gur aisíocadh na costais leis an bhfostaí ar bhonn admhálacha deimhnithe.

Féadann d’fhostaí éileamh a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim i leith aon chostais taistil nár chlúdaigh tusa. Sa chás gur costais tiomána iad na costais, ba chóir dóibh an fhoirm éilimh costas carr a úsáid.

Costais eile

Féadfaidh sé go bhfuil costais chothaithe eile ag do chuid fostaithe seachas costais chothaithe agus tiomána nó rothaíochta. Má aisíocann tú na costais seo, ní chaithfear leo mar phá chun críocha cánach sa chás:

  • gur thabhaigh d’fhostaí iad go hiomlán, go heisiach agus de riachtanas le linn dóibh a bheith ag comhlíonadh dhualgais a bhfostaíochta
  • gur aisíocadh na costais leis an bhfostaí ar bhonn admhálacha deimhnithe.

Ní mór go gcaithfeadh an fostóir le gach costas siamsaíochta mar phá.

Tabhair do d’aire

Féadfaidh sé go ndéanann d’fhostaí an cinneadh na costais agus liúntais a éileamh go pearsanta ar léiriú iad ar na costais iarbhír a thabhaigh siad. Sa chás go dtarlaíonn sé seo agus go bhfuil a gcostais cúitithe agat leo, ní mór go gcaithfear leis na suimeanna a d’íoc tú mar thuarastal incháinithe.

Ar aghaidh: Aisíocaíochtaí ranníocaíochtaí pinsin