Faoiseamh Gnó

Cúinsí inar bhféadtar faoiseamh a tharraingt siar

Féadtar faoiseamh ar do mhaoin gnó ábhartha a tharraing siar go hiomlán nó go páirteach i gcúinsí áirithe.

I gcás bronntanais agus oidhreachtaí a thógtar tar éis an 1 Eanáir 2024, tarraingeoidh na Coimisinéirí Ioncaim siar an faoiseamh ar mhaoin gnó ábhartha sa chás:

  • go scoireann sé de thrádáil taobh istigh de sé bliana ó dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta
  • go ndéantar an diúscairt air, go hiomlán nó go páirteach, laistigh de shé bliana ó dháta luachála an bhronntanais nó na hoidhreachta. Áirítear leis seo más tógáil éigeantach ba chúis leis an diúscairt. Má fhaigheann tú maoin le teacht in ionad na maoine seo laistigh de bhliain amháin ón diúscairt, ní tharraingeoidh na Coimisinéirí Ioncaim siar an faoiseamh.
  • go bhfuil talamh forbraíochta ann agus go ndiúscraítear é taobh istigh de dheich mbliana ó dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta.

I gcás bronntanais agus oidhreachtaí a thógtar roimh an 1 Eanáir 2024, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an faoiseamh ar mhaoin gnó ábhartha a aisghlámadh sa chás:

  • go scoireann an gnó de thrádáil taobh istigh de sé bliana ó dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta
  • má dhíoltar, má fhuasclaítear nó má thógtar go héigeantach an mhaoin gnó ábhartha taobh istigh de sé bliana ó dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta. Má fhaigheann tú maoin le teacht in ionad na maoine seo laistigh de bhliain amháin ón diúscairt, ní tharraingeoidh na Coimisinéirí Ioncaim siar an faoiseamh.
  • go bhfuil talamh forbraíochta mar chuid den mhaoin gnó ábhartha agus go dtarlaíonn an diúscairt taobh istigh de dheich mbliana ó dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta.

Ní tharraingeoidh na Coimisinéirí Ioncaim siar an faoiseamh sa chás go scoireann gnó de bheith ag trádáil mar gheall ar fhéimheacht nó foirceannadh mar gheall ar dhócmhainneacht.

Sa chás go ndéanann na Coimisinéirí Ioncaim an faoiseamh a aisghlámadh, ní mór duit tuairisceán CFC breise a thíolacadh agus aon cháin dhlite amuigh a íoc.

Ar aghaidh: Cén chaoi a éilíonn tú Faoiseamh Gnó?