Dáta luachála agus luach sochar

Leas teoranta

Má fhaigheann tú níos lú ná úinéireacht iomlán nó úinéireacht absalóideach an bronntanais nó oidhreachta, tugtar leas teoranta air. Féadfaidh tú leas teoranta a fháil ar feadh do shaoil, nó ar feadh tréimhse sonraithe.

Tá luach incháinithe de leas teoranta níos lú ná luach incháinithe d’úinéireachta nó leas iomláine i maoin. Ríomhtar luach incháinithe leasa theoranta bunaithe ar dhá chritéar.

Ag brath ar na cásanna seo a leanas:

  • leas saoil, aois agus inscne an tairbhí
  • agus
  • leas le haghaidh tréimhse ama shonrach, an líon blianta a thógtar an sochar lena aghaidh.

Ní mór duit na táblaí atá ar fáil i Sceideal 1, an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil, 2003 a úsáid más mian leat luach incháinithe leasa teorachta a ríomh. I dTábla 1 agus Tábla B, tugtar na fachtóirí atá riachtanach chun luach incháinithe na nithe a leanas a ríomh:

  • saol aonair
  • saolta comhpháirteacha
  • an ceann is faide de dhá shaol nó níos mó
  • agus
  • leas atá ráthaithe le haghaidh am sonraithe.

Ar aghaidh: Fachtóirí úsáidte chun luach leas teoranta a ríomh