Pósadh agus páirtnéireachtaí sibhialta

An chaoi a n-imríonn cónaitheacht do pháirtnéara tionchar ar an gcáin a íocann tú

Má tá tú cónaitheach in Éirinn, ach mura bhfuil do chéile nó páirtnéir sibhialta, gearrfar cáin ort mar dhuine singil. Féadtar an méid seo a leanas a éileamh:

Tabhair do d’aire

Má tá tú féin agus do pháirtnéir neamhchónaitheach, ach más oibrí trasteorann thú, ní mór duit cáin Éireannach a íoc ar d'ioncam Éireannach. Gearrfar cáin ar do ioncam ar an gcaoi gur tusa amháin atá cónaitheach. Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann creidmheasanna cánach iomlána nó i bpáirt a éileamh, ag brath ar na rialacha i leith Creidmheasanna cánach do dhaoine neamhchónaitheacha

Faoiseamh ar fáil do chéile nó páirtnéir sibhialta cónaitheach

Mura bhfuil aon ioncam ag do chéile nó páirtnéir sibhialta neamhchónaitheach, féadfaidh tú an méid seo a leanas a éileamh:

Tugtar ‘faoiseamh um chomhiomlánú’ air seo. Féadtar faoiseamh um chomhiomlánú a éileamh tar éis dheireadh na bliana cánach. Déantar an t-éileamh trí thuairisceán ioncaim a thíolacadh ina n-áirítear dearbhú i leith ioncam do chéile nó páirtnéara shibhialta. 

Tá ioncam ag céile nó páirtnéir sibhialta neamhchónaitheach

Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann cuid den fhaoiseamh a éileamh má tá ioncam ag do chéile nó páirtnéir sibhialta neamhchónaitheach.

Féadfaidh sé go bhfuil an cháin atá tú dlite le híoc mar dhuine aonair níos mó ná dá ngearrfar cáin ort faoi mheasúnú comhpháirteach. Más ea, féadfaidh tú an faoiseamh a éileamh.

Tá an chuid den fhaoiseamh a fhaigheann tú bunaithe ar sciar d’ioncaim Éireannaigh de d’ioncam iomlán.

Ar aghaidh: Tionchar ar chreidmheasanna, faoisimh agus tairseacha