Idirscaradh, colscaradh, scaoileadh páirtnéireachta sibhialta agus neamhniú sibhialta

Bliain an idirscartha, colscartha nó scaoileadh páirtnéireachta sibhialta

Féadtar roghnú go ndéileálfaí leat mar dhuine pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta chun críocha cánach sa bhliain:

  • a scarann tú
  • a fhaigheann tú colscaradh
  • a dhíscaoileann tú do pháirtnéireacht shibhialta.

Tá sé seo leagtha amach ar an gcéad leathanach eile, Roghnú go ndéileálfaí leat mar dhuine pósta nó duine i bpáirtnéireacht shibhialta.

Sa chás nach roghnaíonn tú go ndéileálfaí leat mar dhuine pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta chun críocha cánach, tá rialacha speisialta i bhfeidhm. Tagraítear do na rialacha seo thíos. Braitheann do cháin sa bhliain a tharlaíonn an t-idirscaradh ar an gcaoi ar gearradh cáin ort nuair a bhí tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta.

Féach an rannán ar Phósadh agus páirtnéireachtaí sibhialta chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi a ngearrtar cáin ar lánúineacha pósta agus páirtnéirí sibhialta.

Measúnú comhpháirteach

Má ba thusa an céile inmheasúnaithe nó an páirtnéir sibhialta ainmnithe, gearrfar cáin ort i leith an mhéid seo:

  • d’ioncam uile don bhliain iomlán
  • agus
  • ioncam d’iarpháirtnéara nó d’iarpháirtnéara shibhialta suas go dtí dáta an idirscartha.

Folaíonn sé seo aon íocaíochtaí cothabhála infhorfheidhmithe le dlí a íoctar leat ar chun do leasa féin amháin iad.

Féadtar na creidmheasanna seo a leanas a éileamh i mbliain an scartha:

Má ba thusa an céile nó páirtnéir sibhialta neamh-inmheasúnaithe, gearrfar cáin ort ar an ioncam a thuilleann tú ó dháta an idirscartha go dtí deireadh na bliana. Folaíonn sé seo aon íocaíochtaí cothabhála infhorfheidhmithe le dlí a íoctar leat ar chun do leasa féin amháin iad. Féadtar éileamh a dhéanamh ar:

Measúnú ar leithligh

Má bhí tú ar bhonn measúnaithe ar leithligh, beidh na rialacha céanna i bhfeidhm dá mbeifeá ar bhonn measúnaithe chomhpháirtigh. Meastar gur thú an céile inmheasúnaithe nó an páirtnéir sibhialta ainmnithe má:

  • ba thú an céile inmheasúnaithe nó an páirtnéir sibhialta sular roghnaigh tú féin nó do pháirtnéir, measúnú ar leithligh
  • más tú an céile nó páirtnéir sibhialta ag a bhfuil an t-ioncam is airde, sa chás nach raibh tú riamh ar bhonn measúnaithe chomhpháirtigh

Seachas sin, meastar gur thú an céile inmheasúnaithe nó páirtnéir sibhialta.

Déileáil ar leithligh (tugtar measúnú singil air seo freisin)

Má bhí measúnú á dhéanamh oraibh mar dhaoine singile roimh an idirscaradh, beidh an bonn déileála Cánach Ioncaim tríd is tríd mar an gcéanna tar éis an idirscartha.

Gearrfar cáin ort ar aon íocaíochtaí cothabhála infhorfheidhmithe le dlí a íoctar leat ar chun do leasa féin amháin iad.

Féadfaidh éileamh a dhéanamh ar:

Ar aghaidh: Roghnú go ndéileálfaí leat mar dhuine pósta nó duine i bpáirtnéireacht shibhialta