Íoc agus Tíolaic

Tá os cionn 500,000 Tuairisceán Cánach Ioncaim le haghaidh 2023 tíolactha ag cáiníocóirí féinmheasúnaithe go dtí seo, rud a léiríonn méadú beagnach 5% ar líon na dtuairisceán a tíolacadh faoin tráth seo anuraidh.

Tá méadú suntasach tagtha ar ghníomhaíochtaí tíolactha le laethanta beaga anuas, le thart ar 50,000 tuairisceán tíolactha ó thús na seachtaine seo amháin. Meabhraítear dóibh siúd nach bhfuil tuairisceán tíolactha acu go fóill go bhfuil go dtí meán oíche amárach (Déardaoin an 14 Samhain 2024) acu chun é sin a dhéanamh trí ROS.

Tá an-chuid treorach ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le conas Tuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh trí ROS, chomh maith le roinnt físeán 'cén chaoi' chun tacaíocht a thabhairt do cháiníocóirí. Tá na hacmhainní seo ar fáil i Do thuairisceán cánach a thíolacadh.