Iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht Cánach Breisluacha (CBL) ar shoithí agus trealamh iascaireachta mara
Más iascaire neamhchláraithe thú, féadtar éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht CBL ar shoithí agus fearas iascaireachta mara. Ba chóir duit an t-éileamh seo a dhéanamh leis an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí.
Céard a theastaíonn chun éileamh a dhéanamh?
Chun d’éileamh a dhéanamh leis an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí, teastóidh an méid seo a leanas:
- sonraí faoi d’éileamh
- ceadúnas iascaire
- doiciméid tacaíochta le haghaidh d’éilimh, lena n-áirítear sonraisc bhunaidh marcáilte mar íoctha go hiomlán
- Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN) agus Cód Aitheantais Bainc do chuntais bainc.
Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís
Féadtar teacht ar an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí trí moChúrsaí, ach na céimeanna seo a leanúint:
- Cliceáil ar an rannán ‘Seirbhísí Eile’ faoin gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ in moChúrsaí.
- Cliceáil ar an gcárta ‘Éilimh r-Aisíocaíochta’.
Féadtar teacht ar an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), ach na céimeanna seo a leanúint:
- Cliceáil ar an rannán ‘Seirbhísí Eile’ sa réimse ‘Mo Sheirbhísí Féin’ ar ROS.
- Cliceáil ar an gcárta ‘Éilimh r-Aisíocaíochta’.