Cuir na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas faoi shonraí CMÁ le haghaidh díol nó aistriú breis agus maoin chónaithe amháin

Féadfaidh sé go bhfuil tú ag ceannach nó ag aistriú breis agus ceann amháin de do mhaoine cónaithe. Má tá, ní mór duit an Brainse Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a chur ar an eolas faoi gach ceann de na maoine.

Féadfaidh sé nár luadh ar an tuairisceán Dleachta Stampa sonraí maoine na maoin cónaithe atá i gceist. Murar luadh, ba chóir duit na sonraí a chur isteach chuig an mbrainse CMÁ leis an Teimpléad uaslódála bulc. Tá dhá Theimpléad uaslódála bulc ann:

  • Teimpléad uaslódála bulc 2013 go 2021. Tá an teimpléad seo le haghaidh díolacháin nó aistrithe  a dhéantar lena bhfuil níos mó ná maoin amháin i gceist,suas go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021, agus an dáta sin san áireamh.
  • agus
  • Teimpléad uaslódála bulc 2022 go 2025  - Tá an teimpléad seo le haghaidh díolacháin nó aistrithe a dhéantar lena bhfuil níos mó ná maoin amháin i gceist, ar an 1 Samhain 2021 nó dá éis.

 

Cé dó an tseirbhís seo?

Féadfaidh tú an tseirbhís seo a úsáid má tá tú:

  • ag díol nó ag aistriú roinnt maoin cónaithe in Éirinn ar leat iad
  • i do ghníomhaire nó duine aonair ag gníomhú thar ceann úinéir na maoin in Éirinn.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an Teimpléad uaslódála bulc a bheith comhlánaithe agat. Ba chóir duit an teimpléad a shábháil faoin uimhir aitheantais doiciméid don dleacht stampa.

Ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh ROS nó le haghaidh moChúrsaí chun an tseirbhís a úsáid.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí moChúrsaí, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Ar an gcárta ‘Bainistigh Mo Thaifead’, cliceáil ar ‘M’Fhiosruithe’.
  • Cliceáil ar ‘Cuir Fiosrú Nua Leis’.
  • Roghnaigh ‘Baineann m’Fhiosrú le’ agus cuir isteach ‘Cáin Mhaoine Áitiúil’.
  • Roghnaigh ‘Agus níos beaichte’ agus uaslódáil do liosta maoin chónaithe.
  • Cuir isteach an t-aitheantas doiciméid ón tuairisceán dleachta stampa in ‘Mo Thagairt (roghnach)’ nó in ‘Sonraí an Fhiosraithe’.
  • Faoi ‘Ceangail Eolas Tacaíochta’, roghnaigh ‘comhad comhlánaithe le huaslódáil’.
  • Roghnaigh ‘Seol an Fiosrú’ ag an mbun ar dheis den scáileán.


Féadtar teacht ar an tseirbhís trí ROS, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Faoin gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ cliceáil ar ‘Seirbhísí Eile’.
  • Roghnaigh ‘Cuir Fiosrú Nua Leis’.
  • Roghnaigh ‘Baineann m’Fhiosrú le’ agus cuir isteach ‘Cáin Mhaoine Áitiúil’.
  • Roghnaigh ‘Agus níos beaichte’ agus uaslódáil do liosta maoin chónaithe.
  • Cuir isteach an t-aitheantas doiciméid ón tuairisceán dleachta stampa in ‘Mo Thagairt (roghnach)’ nó in ‘Sonraí an Fhiosraithe’.
  • Faoi ‘Ceangail Eolas Tacaíochta’, roghnaigh ‘comhad comhlánaithe le huaslódáil’.
  • Roghnaigh ‘Seol an Fiosrú’ ag an mbun ar dheis den scáileán.