Athshocraigh logáil isteach Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
Léargas ginearálta
Más tusa an Riarthóir ROS agus má tá fadhbanna agat logáil isteach ar ROS, bain triail as na céimeanna fabhtcheartaithe sa rannán Logáil isteach ar ROS.
Más rud é nach bhfuil tú fós in ann logáil isteach ar ROS, féadtar triail a bhaint as an rogha Athshocraigh Logáil Isteach ROS. Má leanann tú ar aghaidh leis an rogha seo, cuirfear gach deimhniú fo-úsáideora agus ceangailte ar fionraí.
Ní bheidh fáil ar an rochtain uile ar ROS go dtí go ndéanann tú deimhniú nua Riarthóra a íoslódáil.
Féadfaidh sé go mbeidh ort dul chuig an gcluaisín ‘Riarachán Seirbhísí’ in ROS agus na fo-úsáideoirí a athbhunú.
Féadtar logáil isteach ROS a athshocrú trí ROS nó trí moChúrsaí.
Ar aghaidh: Athshocraigh trí moChúrsaí