Athshocraigh logáil isteach Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Athshocraigh trí ROS

Chun do Logáil Isteach le haghaidh ROS a athshocrú, ní mór duit:

  • dhá cheist slándála a fhreagairt
  • agus
  • do sheoladh ríomhphoist nó uimhir fóin póca, mar atá ar do chluaisín próifíl ROS, a dheimhniú chun an próiseas a chomhlánú.

Mura bhfuil ceisteanna slándála socraithe agat, nó má tá do shonraí teagmhála as dáta, déan teagmháil leis an Deasc Chabhrach Theicniúil ROS.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar do logáil isteach ar ROS a athshocrú, féach ar an treoir Athshocraigh logáil isteach ROS.

Físeán maidir leis an logáil isteach ROS a athshocrú

D'fhéadfadh roinnt ábhar san fhíseán thíos a bheith difriúil mar gheall ar nuashonruithe leanúnacha comhéadan úsáideora. Fanann an fheidhmiúlacht mar a chéile.