Tástáil Comhéadain Phoiblí – CCA - lena n-áirítear uasghráduithe le teacht EUCDM & CCI

Céard is Tástáil Comhéadain Poiblí (PIT) ann?

Deartar timpeallachtaí PIT Custam chun ardán tástála a chur ar fáil d’fhorbróirí bogearraí agus a gcuid custaiméirí le dearbhuithe tástála a thíolacadh. Tugann sé deis dóibh raon tástála de Sheirbhísí Gréasáin Custam Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a fhiosrú. 

Tá Timpeallacht PIT amháin ar fáil d’fhorbróirí bogearraí. Is é an timpeallacht PIT ná an timpeallacht PIT Software Test Next Version. Beidh feidhmiúlacht ábhartha d’fhorbróirí ann lena mbogearraí a thastáil roimh an eisiúint bheo. 

Is do thástáil nascachta go príomha an timpeallacht PIT. Chomh maith leis sin, cuireann sé ar chumas na bhforbróirí bogearraí tastáil a dhéanamh i gcoinne thromlach na n-iarratas teachtaireachta agus freagartha éagsúla. Ní timpeallacht cuimsitheach atá ann, áfach, agus dá bhrí sin ní thacófar le roinnt cásanna. Beidh uasdátuithe ar an timpeallacht PIT á n-eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim de réir mar a leanann an fhorbairt ar aghaidh. Féadtar liosta de na cineálacha teachtaireachtaí agus an fheidhmiúlacht atá ar fáil a fháil sna doiciméid thíos. 

Is eisiúint alfa í seo, agus dá bhrí sin is gá duit na gnéithe seo a chur san áireamh: 

  • Beidh aga neamhfhónaimh ann ó am go ham
  • Beidh fabhtanna ann.

Ní bhaineann leathanach ach le CIU V1. Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim nuashonruithe ar fáil níos déanaí i mbliana le tuilleadh eolais ar an CIU V2.

PIT – Treoracha agus Eolas Úsáideach

Cuireann an rannán seo doiciméid ar fáil a chuireann úsáideoirí ar an eolas maidir le:

  • Cén chaoi le clárú chun rochtain a fháil ar thimpeallacht PIT le haghaidh na seirbhísí CIU nua.
  • Cén chaoi le fiosruithe nó fadhbanna a ardú.
  • Cásanna tástála nascachta tacaithe a fhéadtar a dhéanamh in PIT. 

Doiciméid PIT: 

Doiciméid AIS:

Ar aghaidh: Cód Custam an Aontais – Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) V1 – Scéimrí agus WSDL