Tástáil Comhéadain Phoiblí – CCA - lena n-áirítear uasghráduithe le teacht EUCDM & CCI

CCA - CIU Nuashonraithe (V2) lena n-áirítear uasghráduithe EUCDM & CCI - Treoir do Thrádálaithe (ag dul beo 2025)

Cuirtear doiciméid agus treoracha ar fáil ar an leathanach seo do sholáthraithe bogearraí agus do thrádálaithe ar an gcaoi lena gcórais TF a shocrú suas. Leis seo féadfaidh siad idirghníomhú le Córas Iompórtála na gCoimisinéirí Ioncaim CIU V2.

CCA - Aguisín Athbhreithnithe B

Tá Aguisín Athbhreithnithe B  (EUCDM) mar bhonn do gach dearbhú custam. Sainmhínítear an chaoi le dearbhú a chomhlánú agus leagtar amach na sonraí riachtanacha do chórais TF ann. Tá na doiciméid thíos  bhaineann le CIU V2 agus bunaithe ar Chód Custam an Aontais (CCA) agus go príomha an EUCDM V 6.2. CIU V2 le hImréiteach Láraithe Allmhairithe Céim 1 agus Céim 2. Déantar na teachtaireachtaí a mhapáil ar an EUCDM le diallais bheaga chun riachtanais náisiúnta a cheadú, tá na diallais seo sonraithe sna doiciméid thíos.

Doiciméid agus Scéimrí Teicniúla

Is iad seo a leanas na doiciméid agus na scéimrí a bhaineann leo ina sonraítear na sonraí teicniúla i leith na dteachtaireachtaí XML uile atá le seoladh chuig an gcóras iompórtála custam. Tá tuilleadh eolais ar fáil i ndoiciméid theicniúla in ROS Web Service technical documents.

Faigh tuilleadh eolais ar an gCóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU).