Gníomhais Chúnaint

Do fhreagrachtaí cánach

An méid atá le déanamh nuair atá íocaíocht á déanamh

Más tusa an cúnantóir, ní mór duit cáin a asbhaint ag an ráta caighdeánach (20%) ón íocaíocht chúnaint agus í a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Comhlánaigh Foirm R185 – Deimhniú Cánach Ioncaim asbhainte gach uair a dhéanann tú íocaíocht leis an gcúnantaí.

Cé mhéad faoisimh cánach a fhaightear?

Más tusa an cúnantóir, braitheann d’fhaoiseamh ar do ráta cánach.

Ríomhtar d’fhaoiseamh ar bhonn shuim an chúnaint ag an difríocht idir an t-ardráta agus an ráta caighdeánach. Más ag an ráta caighdeánach amháin a íocann tú cáin, ní bhfaighidh tú aon fhaoiseamh cánach ar d’íocaíochtaí cúnaint.

Féadann an cúnantóir an cháin a asbhaineadh a aisíoc leis an gcúnantaí sa chás go bhfuil ioncam an chúnantaí faoi bhun na teorann chun cáin a íoc. Folaíonn d’ioncam iomlán na híocaíochtaí cúnaint a fhaigheann tú, móide aon fhoinse ioncaim eile.

Doiciméid le seoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim

Cúnantóir

Más tusa atá ag déanamh na n-íocaíochtaí cúnaint, ní mór duit an méid seo a leanas a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim an chéad uair a éilíonn tú faoiseamh:

  • cóip den Ghníomhas Cúnaint
  • agus
  • cóip d’Fhoirm R185 – Deimhniú Cánach Ioncaim asbhainte i leith na híocaíochta cúnaint a rinne tú.

I gcás na mblianta ina dhiaidh sin, ní mór Foirm R185 a chomhlánú tar éis gach dáta íocaíochta. Ba chóir cóip dó seo a sheoladh chuig d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Déanfaidh muid do thaifead cánach a choigeartú, agus déanfaidh muid cinnte go bhfaigheann tú aisíocaíocht chánach má tá ceann dlite duit.

Más fostaí ÍMAT thú, bain úsáid as moChúrsaí chun Tuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh chun an faoiseamh a éileamh. De rogha air seo, féadtar an Fhoirm Éilimh ar Ghníomhas Cúnaint a chomhlánú agus a sheoladh chuig d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Má tá tú faoin mbonn féinmheasúnaithe, ba chóir duit na sonraí a chur san áireamh i do thuairisceán bliantúil Foirm 11.

Cúnantaí

Má fhaigheann tú íocaíochtaí cúnaint, ní mór duit a chinntiú go bhfuil tú cláraithe le haghaidh cánach. Mura bhfuil tú cláraithe, féach ar an leathanach ‘Céard ba chóir a dhéanamh’ sa rannán Do chéad phost a thosú. Tugtar míniú sa rannán seo ar an gcaoi le clárú le haghaidh cánach.

Is gá duit d’íocaíochtaí cúnaint a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim. Sa chéad bhliain, ba chóir an méid seo a leanas a sheoladh:

  • Foirm Éilimh chomhlánaithe le haghaidh Gníomhas Cúnaint
  • an Gníomhas Cúnaint bunaidh
  • éileamh comhlánaithe den Fhoirm 54
  • an Fhoirm R185 chomhlánaithe a fuair tú ón gcúnantóir
  • agus
  • cruthúnas go bhfuair tú an íocaíocht nó na híocaíochtaí.

I gcás na mblianta ina dhiaidh, is gá an Fhoirm R185 agus Foirm 54 a sheoladh i leith gach bliain a fhaigheann tú íocaíochtaí.